Cobhsaíocht praghsanna a áirithiú
Cuireann an Banc Ceannais le beartas airgeadaíochta an Eurochórais a fhéachann le cobhsaíocht praghsanna a áirithiú. Tá an Gobharnóir ina chomhalta de Chomhairle Rialaithe BCE a thagann le chéile chun beartas airgeadaíochta a athbhreithniú. Táimid freagrach as cinntí beartais a chur i bhfeidhm in Éirinn. Bainistímid leachtacht freisin, rud atá riachtanach d’fheidhmiú fónta an chórais baincéireachta.