Fógra Príobháideachais maidir le Cosaint Sonraí

Nuashonrú is déanaí: 12 Samhain 2024

San fhógra seo maidir le cosaint sonraí, tugtar faisnéis faoi na bealaí ina n-úsáideann agus ina bpróiseálann an Banc Ceannais sonraí pearsanta. Chun críocha na reachtaíochta um chosaint sonraí, is é Banc Ceannais na hÉireann, Sráid Wapping Nua, Cé an Phoirt Thuaidh, Baile Átha Cliath 1, rialaitheoir sonraí do chuid sonraí pearsanta.

Baineann an fógra seo leis na sonraí pearsanta go léir a bhailíonn an Banc Ceannais i gcomhlíonadh a fheidhmeanna reachtúla agus chun críocha gaolmhara a leagtar amach thíos. Féadfaidh an Banc Ceannais faisnéis phearsanta a fháil go díreach ó dhaoine aonair nó go hindíreach ó pháirtí eile (amhail soláthraí rialáilte seirbhísí airgeadais).  Tá fógraí leithleacha maidir le cosaint sonraí le fáil ar na suíomhanna seo a leanas:

Soláthraíonn na fógraí seo faisnéis maidir le próiseáil sonraí pearsanta an ag bPríomh-Chlár Creidmheasa agus maidir le húsáid sonraí pearsanta arna dtabhairt don Bhanc Ceannais i dtaca le ceannach bonn inbhailithe nó i dtaca leis an scéim ráthaíochta taiscí faoi seach.

Sonraí Pearsanta a bhailiú agus a úsáid chun Feidhmeanna Reachtúla a Chomhlíonadh

Mar bhanc ceannais agus mar rialtóir seirbhísí airgeadais, próiseálann an Banc Ceannais sonraí pearsanta d’fhonn a chuid feidhmeanna faoi Chonarthaí AE, faoi Reacht CEBC, faoi Achtanna an Bhainc Ceannais 1942 go 2015 agus faoi fhorálacha eile den reachtaíocht um sheirbhísí airgeadais a chomhlíonadh. Folaíonn na feidhmeanna sin:

  • Feidhmeanna a bhaineann le beartas airgeadaíochta agus cobhsaíocht airgeadais
  • Faisnéis a bhailiú chun críocha anailíse nó staidrimh
  • Soláthraithe rialáilte seirbhísí airgeadais a réiteach
  • Scéimeanna ráthaíochta taiscí nó scéimeanna cúitimh nó scéimeanna eile um chosaint tomhaltóirí a oibriú
  • Leas tomhaltóirí seirbhísí airgeadais a chosaint agus soláthraithe agus margaí seirbhísí airgeadais a rialáil
  • An Príomh-Chlár Creidmheasa a oibriú
  • An Clár um Úinéireacht Thairbhiúil a oibriú le haghaidh meáin airgeadais áirithe
  • Taisceadán na hÉireann, Clár na gCuntas Bainc agus Íocaíochtaí a oibriú.

Tugtar cur síos mionsonraithe thíos ar na cineálacha sonraí pearsanta a phróiseálann an Banc Ceannais le linn dó a chuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh. 

 

Sonraí Pearsanta a Aistriú

Féadfaidh an Banc Ceannais sonraí pearsanta a aistriú chuig na dreamanna seo a leanas:

  • Tríú páirtithe, i gcás inar gá déanamh amhlaidh nó ina gceadaítear le dlí déanamh amhlaidh
    Féadfar na dreamanna seo a leanas a bheith i gceist le tríú páirtithe: soláthraithe seirbhíse agus comhlachtaí reachtúla, lena n-áirítear An Garda Síochána, an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach, na Coimisinéirí Ioncaim agus an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí.
  • BCE i gcomhthéacs an tSásra Maoirseachta Aonair (SMA) nó chun críocha cúraimí a bhaineann le CEBC a chomhlíonadh.
  • Údaráis mhaoirseachta i mBallstáit eile LEE chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh.
  • Údaráis mhaoirseachta i dtíortha lasmuigh de LEE i gcás ina gceadaítear é sin amhlaidh faoin reachtaíocht um chosaint sonraí. Folaíonn sé sin sonraí pearsanta daoine aonair a fhaigheann an Banc Ceannais in iarratais Oiriúnachta agus Ionracais. mar chuid  de phróiseas údaraithe agus sonraí daoine aonair a bhaineann go díreach nó go hindíreach le himscrúdú forfheidhmiúcháin ag údaráis mhaoirseachta i dtíortha lasmuigh de LEE.   

Ag brath ar an tír agus údarás atá i gceist, féadfar na haistrithe seo a dhéanamh (a) faoi chinneadh leordhóthanachta, i.e. go gcinneann an Coimisiún Eorpach go bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí á chinntiú ag an tír nó eagraíocht, (b) faoi Shocrú Riaracháin amhail Socrú Riaracháin IOSCO a bheidh comhaontaithe leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí agus leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí nó (c) faoin Maolú Leasa Phoiblí faoi Airteagal 49 de RGCS.

Soláthraithe Seirbhíse

Baineann an Banc Ceannais úsáid as tríú páirtithe amhail soláthraithe seirbhíse agus soláthróirí, faoi chonradh, i ndáil le soláthar seirbhísí éagsúla. Féadfaidh na tríú páirtithe sin sonraí pearsanta a phróiseáil ar ár son i gcomhréir le treoracha an Bhainc Ceannais.

Do chearta

Má phróiseálann an Banc Ceannais do chuid sonraí pearsanta, tá cearta áirithe agat i ndáil leis na sonraí sin. Tugtar achoimre ar na cearta sin thíos. Féadfaidh go mbeidh ar an mBanc Ceannais tuilleadh faisnéise a fháil uait sula mbeidh sé in ann freagairt do d’iarratas.  

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Gníomhach um Chosaint Sonraí.

Ríomhphost: [email protected].

Srianta ar do Chearta um Chosaint Sonraí

Féadfaidh an Banc Ceannais, mar rialaitheoir sonraí, srianta áirithe atá leagtha amach in RGCS agus san Acht um Chosaint Sonraí 2018 a fheidhmiú. Mar rialtóir a chomhlíonann feidhmeanna ar mhaithe le leas an phobail, áfach, táimid i dteideal eisceacht shonrach Bainc Ceannais a bhféadfaidh tionchar a imirt ar aon iarratas ar chearta a dhéanfaidh tú, i gcomhréir le I.R. Uimh. 534/2020 - Na Rialacháin fán Acht um Chosaint Sonraí 2018 (Alt 60(6)) (Alt 60(6)) (Banc Ceannais na hÉireann) 2020. Mar shampla (ní liosta é seo), is féidir linn sonraí a choimeád siar, i gcás inar iomchuí agus comhréireach, más rud é go ndéanfadh nochtadh na sonraí sin dochar don mhéid seo a leanas:

  • Sáruithe ar dhlíthe seirbhísí airgeadais, nó forfheidhmiú dlíthe seirbhísí airgeadais, a chosc, a bhrath nó a imscrúdú
  • Próiseas, nós imeachta, imscrúdú, fiosrúchán, measúnú, feidhmiú nó socrú atá á dhéanamh ag an mBanc
  • Rialáil soláthraithe seirbhísí airgeadais

Más amhlaidh an cás, míneoimid go soiléir an díolúine atá i gceist agus cén fáth a mbeidh feidhm aici i gcás inar iomchuí.

Ceisteanna

Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le haon ghné den fhógra príobháideachais seo maidir le cosaint sonraí, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach um Chosaint Sonraí ar [email protected]. Féadfar an fógra seo a nuashonrú ó am go ham.

Téigh go dtí an suíomh gréasáin chun a fháil amach conas is féidir leat cóip de do Thuarascáil Chreidmheasa a fháil ón bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Chun rochtain a fháil ar do chuid sonraí uile ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, déan teagmháil le do thoil le [email protected]