Nuacht

An Chéad Tuarascáil Maidir le Rochtain ar Airgead Tirim Foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann

24 Feabhra 2026 Preas Ráiteas

D'fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann inniu (an 24 Feabhra) a chéad tuarascáil ráithiúil maidir le Rochtain ar Airgead Tirim (XLSX 3.92MB).

Leis an Acht Airgeadais (Rochtain ar Bhonneagar Airgid Thirim a Sholáthar), 2025, cuireadh creat i bhfeidhm lena chinntiú go mbeadh rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim ar fud an Stáit.

Úsáidtear sa tuarascáil a foilsíodh inniu sonraí a bailíodh le déanaí chun líon, suíomh agus uaireanta oscailte ATManna agus pointí seirbhíse airgid thirim ar fud ocht réigiún gheografacha in Éirinn, amhail an 31 Nollaig 2025, a chur in iúl.

Shocraigh an tAire Airgeadais na critéir maidir le rochtain ar airgead tirim i mí na Samhna 2025. Áirítear leis na critéir sin an céatadán íosta den daonra i ngach aon réigiún nach mór go mbeadh siad laistigh de 10 km ó ATM agus ó phointe seirbhíse airgid thirim, chomh maith leis an líon íosta ATManna in aghaidh gach 100,000 duine i ngach aon réigiún. Tá sé mar aidhm leis na critéir reatha líon na ATManna agus na bpointí seirbhíse airgid tirim a choinneáil ag leibhéil na bliana 2022, agus imeacht KBC agus Bhanc Uladh ón margadh á chur san áireamh.

Déanann an Banc Ceannais faireachán ar chomhlíonadh na gcritéar sin. Is faoi na heintitis ainmnithe (AIB, Banc na hÉireann agus Permanent TSB faoi láthair) atá sé aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh a aithnítear, agus scríobh an Banc Ceannais chucu inniu ina thaobh sin.

Léirítear i dtuarascáil an lae inniu go bhfuil bonneagar an airgid thirim in Éirinn, tríd is tríd, fós ag teacht den chuid is mó leis na critéir atá leagtha síos ag an Aire. Tá beagán os cionn ceithre mhíle ATM in Éirinn, agus beagán os cionn 1,200 pointe seirbhíse airgid thirim. Tá sé chás nach gcomhlíontar na critéir i gceist. Sna cásanna sin ar fad, is beag an t-easnamh i gcomparáid leis na leibhéil a mbeifí ag súil leo ó thaobh an bhonneagair airgid thirim de.

Tá an Banc Ceannais meáite ar a chinntiú go mbeidh airgead tirim ar fáil agus inrochtana mar mhodh íocaíochta. Gné thábhachtach dár gcuid oibre is ea foilseachán an lae inniu ar mhaithe le rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim a chosaint do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí ar fud na tíre.

Léirítear i dtuarascáil an lae inniu go bhfuil bonneagar an airgid thirim in Éirinn, tríd is tríd, ag teacht den chuid is mó leis na critéir atá leagtha síos ag an Aire Airgeadais.

Mar sin féin, tá roinnt cásanna ann nach gcomhlíontar na critéir iontu, agus beidh ar na gnólachtaí atá freagrach faoin reachtaíocht na heasnaimh sin a cheartú. Chuireamar na heasnaimh a aithníodh in iúl do na gnólachtaí, agus cuirfidh siad a gcuid moltaí ar fáil dúinn sna seachtainí atá amach romhainn maidir leis an dóigh is féidir aghaidh a thabhairt orthu.

Aithnímid freisin go bhféadfadh dúshláin faoi leith a bheith i gceist maidir le rochtain ar airgead tirim ag leibhéal na háite. Ó mhí Iúil ar aghaidh, is féidir le daoine aighneacht a dhéanamh chuig an mBanc Ceannais má chreideann siad go bhfuil easnamh áitiúil i gceist maidir le rochtain ar airgead tirim. Tá comhairliúchán poiblí againn atá ar siúl faoi láthair ina leagtar amach na treoirlínte agus an cur chuige atá beartaithe againn chun easnaimh áitiúla a mheas. Molaim do dhaoine cuairt a thabhairt ar ár suíomh gréasáin, áit ar féidir leo a gcuid aiseolais a chur ar fáil sula gcuirfear deireadh leis an gcomhairliúchán an 4 Márta.


Critéir Maidir le Cóngaracht do ATManna: An Céatadán den Daonra ar Cheart dó a Bheith Laistigh de 10 km ó ATM i nGach aon Réigiún NUTS 3

Réigiún NUTS 3Riachtanas Céatadáin maidir le CóngarachtAn Céatadán Reatha maidir le CóngarachtDifríocht
Teorainn98.598.1-0.4
Baile Átha Cliath99.0100+1.0
An tOirthear Láir99.0100+1.0
Lár Tíre98.398.30
An tIarthar Láir98.898.80
An tOirdheisceart99.399.30
An tIardheisceart98.698.60
An tIarthar96.596.3-0.2

Critéir Maidir le hAcmhainn ATManna: An Líon ATManna ar Cheart a Bheith ar Fáil in Aghaidh Gach 100,000 Duine i nGach Réigiún NUTS 3

Réigiún NUTS 3Ceanglas AcmhainneAcmhainn ReathaDifríocht
Teorainn98100.4+2.4
Baile Átha Cliath7072.4+2.4
An tOirthear Láir7072.1+2.1
Lár Tíre7272.6+0.6
An tIarthar Láir7779.2+2.2
An tOirdheisceart7373.9+0.9
An tIardheisceart8079.9-0.1
An tIarthar9089.5-0.5

Critéir Maidir le Cóngaracht do Phointí Seirbhíse Airgid Thirim (CSP)

Réigiún NUTS 3Riachtanas Céatadáin maidir le CóngarachtAn Céatadán Reatha maidir le CóngarachtDifríocht
Teorainn99.599.4-0.1
Baile Átha Cliath99.0100+1.0
An tOirthear Láir99.099.9+0.9
Lár Tíre99.799.70
An tIarthar Láir99.299.20
An tOirdheisceart99.699.60
An tIardheisceart99.599.50
An tIarthar99.499.2-0.2

Nótaí don Eagarthóir

Is éard is pointe seirbhíse airgid thirim ann ná suíomh ina gcuireann eintiteas ainmnithe seirbhísí airgid thirim ar fáil, nó ina gcuirtear na seirbhísí sin ar fáil thar a cheann. Is éard is seirbhísí airgid thirim ann ná seirbhísí trína bhféadfadh daoine aonair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) airgead tirim (nótaí bainc agus boinn) a chur i dtaisce agus a aistarraingt, agus ina mbíonn cúnamh pearsanta ar fáil.

Tuilleadh Eolais

Is féidir tuilleadh eolais maidir le Rochtain ar Airgead Tirim a fháil ar láithreán gréasáin an Bhainc Ceannais.

Elaine Scanlon 087 2136313 / elaine.scanlon@centralbank.ie

Caidreamh leis na Meáin:media@centralbank.ie