Nuacht

Aviva Life & Pensions Ireland DAC (Clón) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

15 Bealtaine 2026 Warning Notice

Warning

Rabhadh:Gnó Baincéireachta Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta NeamhúdaraitheAviva Life & Pensions Ireland DAC (Clón)
Suíomh gréasáinN/B
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear[email protected]
Uimhir/(Uimhreacha) g(h)utháin a úsáidtear01 265 7180
+353 (0) 1 265 7180
Údarú in ÉirinnNíl Aviva Life & Pensions Ireland DAC (Clón) údaraithe chun Gnó Baincéireachta a sholáthar in Éirinn.
Faisnéis bhreiseTá clónáil déanta ag an nGnólacht Neamhúdaraithe seo ar ainm agus ar shonraí gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gurb é an gnólacht dlisteanach, Aviva Life & Pensions Ireland DAC, atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí.

Áitíonn an gnólacht seo go nglacann sé le taiscí nó le cistí inaisíoctha eile ón bpobal, cé nach bhfuil údarú nó ceadúnas aige déanamh amhlaidh.  Rinne sé teagmháil go díreach le tomhaltóirí ar an bhfón, trí ríomhphost agus trí bhróisiúir, ag féachaint le ‘Cuntais Taisce Téarma Shocraithe’ a dhíol leo. 

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an Gnólacht Neamhúdaraithe.

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800 nó gnólacht neamhúdaraithe a thuairisciú go díreach don Bhanc Ceannais.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.