Nuacht
Best Rate Ireland - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
12 Nollaig 2024
Warning Notice
Rabhadh: | Gnólacht Infheistíochta Neamhúdaraithe / Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe |
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Best Rate Ireland |
Suíomh gréasáin | www.bestrateireland.com |
Seoladh ríomhphoist a úsáidtear | [email protected] |
Uimhreacha gutháin a úsáidtear | +353 1 513 4804 |
Údarú in Éirinn | Níl Best Rate Ireland údaraithe chun seirbhísí infheistíochta a sholáthar in Éirinn. |
Faisnéis Bhreise | Is sampla é an chamscéim infheistíochta seo de “chamscéim suímh gréasáin chomparáide”, áit a gcruthaíonn calaoiseoirí suíomh gréasáin a mhaíonn gur féidir leis cabhrú le tomhaltóirí táirgí infheistíochta nó coigiltis éagsúla a aimsiú agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Tomhaltóirí ar mian leo infheistíocht a dhéanamh, cuireann siad a gcuid sonraí (i.e. sonraí teagmhála, méid le hinfheistiú, ráta toraidh inmhianaithe) isteach ar fhoirm ar líne agus déanann na calaoiseoirí teagmháil leo ina dhiaidh sin ar an nguthán nó leis an ríomhphost. Maíonn na calaoiseoirí seo gur ó bhainc nó ó ghnólachtaí infheistíochta aitheanta iad, agus tairgeann siad deiseanna infheistíochta in infheistíochtaí/i gcamscéimeanna bréige. Go minic, cuirfidh na calaoiseoirí bróisiúir ar fáil a bhfuil cuma oifigiúil agus ainm agus brandáil na mbanc nó na ngnólachtaí aitheanta seo orthu. |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.