Nuacht

Better Rates Today - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

02 Nollaig 2024 Warning Notice

Warning

Rabhadh: Gnólacht Infheistíochta Neamhúdaraithe/Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe Better Rates Today
Suíomh gréasáin https://betteratestoday.com
Seoladh ríomhphoist a úsáidtear [email protected]  
Uimhir ghutháin a úsáidtear (01) 200 3063
Údarú in Éirinn Níl Better Rates Today údaraithe chun seirbhísí infheistíochta a sholáthar in Éirinn.
Faisnéis Bhreise Is sampla é an chamscéim infheistíochta seo de “chamscéim suímh gréasáin chomparáide”, áit a gcruthaíonn calaoiseoirí suíomh gréasáin a mhaíonn gur féidir leis cabhrú le tomhaltóirí táirgí infheistíochta nó coigiltis éagsúla a aimsiú agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Tomhaltóirí ar mian leo infheistíocht a dhéanamh, cuireann siad a gcuid sonraí (i.e. sonraí teagmhála, méid le hinfheistiú, ráta toraidh inmhianaithe) isteach ar fhoirm ar líne agus déanann na calaoiseoirí teagmháil leo ina dhiaidh sin ar an nguthán nó leis an ríomhphost.
 
Maíonn na calaoiseoirí seo gur ó bhainc nó ó ghnólachtaí infheistíochta aitheanta iad, agus tairgeann siad deiseanna infheistíochta in infheistíochtaí/i gcamscéimeanna bréige.
 
Is minic a chuireann na calaoiseoirí bróisiúir ar fáil a bhfuil cuma oifigiúil orthu, mar aon le hainm agus brandáil na mbanc nó na ngnólachtaí aitheanta seo.

 

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.