Nuacht
    
        Better Rates Today - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
    
    
        02 Nollaig 2024
        
            
                Warning Notice
            
    
    
| Rabhadh:  | Gnólacht Infheistíochta Neamhúdaraithe/Gnólacht   Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe    | 
| Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe    | Better Rates Today  | 
| Suíomh gréasáin    | https://betteratestoday.com  | 
| Seoladh ríomhphoist a úsáidtear    | [email protected]      | 
| Uimhir ghutháin a úsáidtear    | (01) 200 3063    | 
| Údarú in Éirinn    | Níl Better Rates Today údaraithe chun seirbhísí infheistíochta a sholáthar in Éirinn.    | 
| Faisnéis Bhreise    | Is sampla é an chamscéim infheistíochta seo de “chamscéim suímh gréasáin   chomparáide”, áit a gcruthaíonn calaoiseoirí suíomh gréasáin a mhaíonn gur   féidir leis cabhrú le tomhaltóirí táirgí infheistíochta nó coigiltis éagsúla   a aimsiú agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Tomhaltóirí ar mian leo   infheistíocht a dhéanamh, cuireann siad a gcuid sonraí (i.e. sonraí   teagmhála, méid le hinfheistiú, ráta toraidh inmhianaithe) isteach ar fhoirm   ar líne agus déanann na calaoiseoirí teagmháil leo ina dhiaidh sin ar an   nguthán nó leis an ríomhphost.   Maíonn na calaoiseoirí seo gur ó bhainc nó ó ghnólachtaí infheistíochta aitheanta   iad, agus tairgeann siad deiseanna infheistíochta in infheistíochtaí/i   gcamscéimeanna bréige.   Is minic a chuireann na calaoiseoirí bróisiúir ar   fáil a bhfuil cuma oifigiúil orthu,   mar aon le hainm agus brandáil na mbanc nó na ngnólachtaí   aitheanta seo.     | 
 
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
 - Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha 
 - Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.