Nuacht

Ceaptar Leas-Ghobharnóir, Rialáil Airgeadais

11 Nollaig 2024 Preas Ráiteas

Mary Elizabeth McMunn

  • Ceaptar Mary-Elizabeth McMunn ina Leas-Ghobharnóir, Rialáil Airgeadais
  • Déantar an ceapachán tar éis próiseas cuimsitheach earcaíochta a leanúint

Tá Mary-Elizabeth McMunn ceaptha ina Leas-Ghobharnóir, Rialáil Airgeadais ag an mBanc Ceannais. Tiocfaidh sí i mbun cúraim ar an 1 Eanáir 2025.

Mar Leas-Gobharnóir, Rialáil Airgeadais, beidh Mary-Elizabeth McMunn ina comhalta d’Fhoireann Shinsearach Ceannaireachta an Bhainc Ceannais ar a bhfuil freagracht fhoriomlán as straitéis an Bhainc Cheannais agus a chlár oibre um bunathrú a thabhairt i gcrích.  Déanfaidh sí maoirsiú ar Anailísíocht & Sonraí Riosca Maoirseachta, ar chúrsaí Beartais & Idirnáisiúnta agus ar an Maoirseacht ar an earnáil Baincéireachta & Íocaíochta, earnáil na gComhar Creidmheasa agus an earnáil Árachais.  

Beidh an Leas-Ghobharnóir McMunn ina comhalta freisin de Choimisiún Bhanc Ceannais na hÉireann agus de Bhord Maoirseachta BCE um Maoirseacht ar Bhaincéireacht.

Tá sí ag fónamh faoi láthair ina Stiúrthóir ar Bhaincéireacht, Íocaíochtaí agus Comhair Chreidmheasa sa Bhanc Ceannais, cúram atá uirthi ó mhí Meán Fómhair 2018 i leith. Tá sí freagrach as maoirseacht an Bhainc Ceannais ar bhancanna, ar ghnólachtaí íocaíochta agus ar chomhair chreidmheasa atá údaraithe le feidhmiú in Éirinn agus tá sí ina comhalta ar Choistí an Bhainc maidir le Cobhsaíocht Airgeadais, Riosca Maoirseachta agus eile.

Thosaigh sí i mbun oibre sa Bhanc Ceannais in 1997 agus bhí sí ag obair i réimsí éagsúla ann, amhail baincéireacht, árachas, maoirseacht margaí agus riosca maoirseachta. Tá céim BA sa Ghlaneacnamaíocht ag Mary-Elizabeth McMunn ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus MSC san Infheistíocht agus sa Chistíocht ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Dúirt an Gobharnóir Gabriel Makhlouf, ag fógairt an cheapacháin dó: Is cúis ríméid dom a fhógairt go bhfuil Mary-Elizabeth McMunn ceaptha ina Leas-Ghobharnóir, Rialáil Airgeadais. Tá taithí na mblianta ag Mary-Elizabeth ar rialáil airgeadais agus taithí forleitheadach ceannaireachta chomh maith le heolas domhain ar an gcóras airgeadais agus ar an timpeallacht rialaitheach san Eoraip. Is eiseamláir í de chultúr agus de mheon macántachta agus lánpháirtíochta Bhanc Ceannais na hÉireann.

“Cinnteofar leis an gceapachán seo, chomh maith leis na hathruithe ar eagar an Bhainc a thiocfaidh i bhfeidhm i mí Eanáir, go leanann an Banc Ceannais dá mhisean a bhaint amach, is é sin a chinntiú go leanann an córas airgeadais de bheith ag feidhmiú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus an gheilleagair níos leithne.

Táim ag tnúth le hoibriú le Mary-Elizabeth agus leis an gcuid eile den fhoireann shinsearach ceannaireachta maidir le straitéis an bhainc a thabhairt i gcrích.”

CRÍOCH

Breis eolais: [email protected]