Nuacht

Citigroup Global Markets Europe (CLÓN) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

02 Nollaig 2024 Warning Notice

Warning

Rabhadh: Gnólacht Infheistíochta Neamhúdaraithe / Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe / Baincéir Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe Citigroup Global Markets Europe (CLÓN)
Ainmneacha malartacha a úsáidtear Citigroup Ireland (Clón)
Citigroup Global (Clón)
Suíomh gréasáin ·         www.citiglobal.ie
Tabhair faoi deara go dtabharfadh an nasc suímh gréasáin tú chuig suíomh gréasáin an ghnólachta dhlisteanaigh, www.citigroup.com.
·         www.citiglobal.co.uk
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear ·         [ainm].[sloinne]@citiglobal.co.uk
·         [email protected]
·         [ainm].[sloinne]@citiglobal.ie
·         [email protected]
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear ·         +353 (0) 1 902 6938
·         (01) 200 3063
 
Údarú in Éirinn Níl an gnólacht seo údaraithe chun gnó baincéireachta nó seirbhísí infheistíochta a sholáthar in Éirinn.
Faisnéis bhreise Tá clónáil déanta ag an ngnólacht sceamála seo ar shonraí (ainm nó cuid d’ainm) eintitis atá údaraithe ag BAFIN agus pascheadaithe go hÉirinn, agus tá sé ag ligean air gurb é an gnólacht dlisteanach, Citigroup Global Markets Europe AG, atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an banc dlisteanach Gearmánach agus an t-eintiteas calaoise.
Ar na táirgí a thairgeann an t-eintiteas calaoiseach, áirítear na cinn seo a leanas:
·         Taiscí Téarma
·         Rátaí Socraithe Citigroup Lúnasa 2024
·         Rátaí Socraithe Citigroup Meán Fómhair 2024
·         Rátaí Socraithe Citigroup Deireadh Fómhair 2024
·         Rátaí Socraithe Citigroup Samhain 2024
·         Bannaí Corparáideacha AE & Bannaí Rialtais

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.