Nuacht

Comhairliúchán an Bhainc Ceannais faoi thograí le haghaidh Cód nuachóirithe um Chosaint Tomhaltóirí

07 Márta 2024 Preas Ráiteas

Exterior view of the Central Bank of Ireland Building

  • Pacáiste tábhachtach de chosaintí nuashonraithe chun tacú le córas airgeadais an lae inniu agus amach anseo
  • Soiléireacht, intuarthacht agus inrochtaineacht fheabhsaithe maidir le hoibleagáidí cosanta tomhaltóirí
  • Oibleagáid leasanna custaiméirí a chosaint, rud atá ríthábhachtach chun torthaí dearfacha tomhaltóirí a bhaint amach

Sheol Banc Ceannais na hÉireann Páipéar Comhairliúcháin inniu, Déardaoin an 7 Márta 2024, maidir leis an athbhreithniú ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí.

Is é an Páipéar Comhairliúcháin an dara céim de thrí chéim atá á nglacadh ag an mBanc Ceannais chun an Cód a nuachóiriú, a shoiléiriú agus a chomhtháthú, chomh maith lena inrochtaineacht a fheabhsú.

Ag seoladh an chomhairliúcháin, dúirt an Leas-Ghobharnóir Derville Rowland, "Is é an Cód um Chosaint Tomhaltóirí bunchloch chreat cosanta tomhaltóirí na hÉireann. Freastalaíodh go maith ar thomhaltóirí, agus tá an t-am tagtha chun na cosaintí a nuashonrú agus tacú le córas airgeadais an lae inniu agus amach anseo.

Thug muid aird ar thuairimí an phobail agus an tionscail maidir lenár bPlépháipéar. Tá moltaí á dtabhairt chun cinn againn anois maidir le Cód nuachóirithe a bhfuil oibleagáid ar ghnólachtaí leasanna a gcustaiméirí a chosaint mar bhonn taca faoi. Cuirtear iad sin le chéile i bpacáiste tábhachtach de chosaintí nuashonraithe a léiríonn an chaoi a bhfuil tomhaltóirí ag teacht ar sheirbhísí airgeadais sa lá atá inniu ann.”

Leasanna Custaiméirí a Chosaint

“Ceann de na príomhspriocanna atá againn maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gCód is ea cabhrú le gnólachtaí leasanna custaiméirí a thabhairt isteach go héifeachtach ina samhail ghnó fhoriomlán agus ina gcinnteoireacht tráchtála. Tugtar aghaidh air sin trí oibleagáid a chur ar ghnólachtaí leasanna a gcustaiméirí a chosaint. Tacóidh treoir le gnólachtaí a n-oibleagáidí uile maidir le cosaint tomhaltóirí a chur chun feidhme go héifeachtach, cur síos a dhéanamh ar an méid is gá do ghnólachtaí a bhreithniú agus ar na gníomhaíochtaí is gá dóibh a dhéanamh chun torthaí dearfacha tomhaltóirí a bhaint amach."

Pacáiste Cosaintí Nuashonraithe

"Tá pacáiste de chosaintí úra agus nuashonraithe á mholadh againn chun an claochlú i seirbhísí airgeadais a láimhseáil, lena n-áirítear tograí a bhaineann leis an méid seo a leanas: Digitiú; Eolas éifeachtach a thabhairt; Creidmheas morgáiste agus malartú; Gníomhaíochtaí neamhrialáilte; Calaoisí agus Camscéimeanna; Leochaileacht; agus Rioscaí Aeráide.

Áirítear sa phacáiste sin tograí maidir le hardáin dhigiteacha a dhéanamh níos éasca le húsáid; cásanna a shoiléiriú ina bhfuil seirbhísí neamhrialáilte á gcur ar fáil ag gnólachtaí rialáilte; sainmhíniú nua a thabhairt ar mhí-úsáid airgeadais; faireachán ar chalaois agus ar chamscéimeanna a láidirú agus cumarsáid gnólachtaí a neartú.

Tá creat nua á mholadh againn freisin chun tacú le daoine i gcúinsí leochaileacha. Ní mór do ghnólachtaí céimeanna réasúnta a ghlacadh chun tacú le custaiméirí den sórt sin agus chun oiliúint, tuairisciú agus aitheantas Teagmhálaí Iontaofa a chur i bhfeidhm.

Tá mé ag súil le rannpháirtíocht leanúnach leis an bpobal agus leis an tionscal ar an gCód nua, agus gabhaim buíochas leo siúd go léir a chuir leis go dearfach go dtí seo."

Fanfaidh an tréimhse aighneachta le haghaidh an chomhairliúcháin seo ar oscailt ar feadh trí mhí, ón Déardaoin an 7 Márta 2024 go dtí Dé hAoine an 7 Meitheamh 2024. Féach Caibidil 5 chun sonraí a fháil maidir le conas freagra a thabhairt ar an gcomhairliúchán seo.

Nótaí don Eagarthóir

1. Tá an t-athbhreithniú ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí á dhéanamh i 3 chéim:

  • Céim an Phlépháipéir (críochnaithe)
  • Céim an Chomhairliúcháin Phoiblí (ag tosú inniu)
  • An Cód athbhreithnithe um Chosaint Tomhaltóirí a thabhairt chun críche (go luath in 2025)

2. Díríonn ár dtograí ar chosaintí tomhaltóirí a nuachóiriú, a shoiléiriú agus a chomhtháthú lena chinntiú go bhfuil siad inrochtana do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí. Beidh an Cód athbhreithnithe le fáil in dhá Rialachán nua de chuid an Bhainc Ceannais.

  • Leagfar amach Caighdeáin Ghnó sa chéad cheann, arna gcomhlánú ag Caighdeáin Tacaíochta Ghnó, a thiocfaidh in ionad Phrionsabail Ghinearálta reatha an Chóid.
  • Leagfar amach Ceanglais Ghinearálta sa dara ceann, lena n-áireofar cosaintí nua, agus na ceanglais reatha ar bhonn trasearnála agus earnáilsonrach.

3. Daingneofar roinnt cód agus ceanglas reatha de chuid an Bhainc Ceannais freisin sa Chód athbhreithnithe. Ina theannta sin, tacófar le tomhaltóirí agus le gnólachtaí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a theastaíonn uathu trí uirlisí, mínitheoirí agus treoracha digiteacha nua.

4. Teagmhálaí Iontaofa - Táimid ag moladh ceanglas a thabhairt isteach do ghnólachtaí chun cabhrú le custaiméirí trí ainm agus faisnéis teagmhála duine - teagmhálaí iontaofa - a chur ar fáil lena bhfeadfaí gnólacht teagmháil a dhéanamh i gcás ina mbeidh deacracht acu tacú le custaiméir, nó i gcás ina mbeidh amhras ann faoi mhí-úsáid airgeadais, lena n-áirítear calaois.