Nuacht
    
        Evolve Finance Limited (Clón) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
    
    
        18 Deireadh Fómhair 2024
        
            
                Warning Notice
            
    
    
| Rabhadh: | Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe | 
| Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Evolve Finance Limited | 
| Suíomh gréasáin | https://evolvefinancelimited.com/ | 
| Seoladh ríomhphoist a úsáidtear | ·         [email protected] | 
| Uimhir/Uimhreacha gutháin a   úsáidtear | ·         01 254 9382 
 ·         089 947 7450
 | 
| Údarú in Éirinn | Níl Evolve Finance Limited (Clón) údaraithe chun seirbhísí   creidmheasa miondíola a sholáthar in Éirinn. | 
| Faisnéis bhreise | Is sampla é an sceamáil seo de ‘chalaois réamhtháille’,   áit ina n-iarrtar íocaíocht láithreach sula gcuirtear iasacht ar fáil. Ní   chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh. Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar   ainm gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air   gur gnólacht dlisteanach, Evolve Finance Limited, atá ann chun an dallamullóg   a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal   ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an   t-eintiteas calaoiseach seo.
 | 
 
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha 
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.