Nuacht

Foilsítear litir réamhbhuiséid an Ghobharnóra

30 Meitheamh 2025 Preas Ráiteas

Gold facade

  • Cé go bhfuil i ndán go gcuirfeadh athrú ar chaidreamh geo-eacnamaíoch isteach ar Éirinn go háirithe, tá deiseanna freisin ann ag an lucht ceaptha beartais maidir le cúrsaí na tíre seo go hinmheánach díriú ar sheasmhacht fhadtéarmach a chothú maidir le cúrsaí eacnamaíocha agus leis an gcistíocht phoiblí.
  • Ba cheart tús áite a thabhairt d’infheistíocht caipitil, chun tosaigh ar chaiteachas reatha, ar mhaithe le réimsí easnaimh ó thaobh cúrsaí bonneagair a shárú agus forás fadtéarmach a bhrostú.
  • Tá gá le bonnchloch fhioscach shochosanta ionas go seastar in aghaidh bhotúin a dhéanamh in athuair agus go seastar le smacht dian ar chaiteachas agus le hinfheistíocht fhadtéarmach.
  • Is géire anois a theastaíonn maolú ar an mbaol do na cistí poiblí ó bhonn cánach atá róchúng.

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann inniu (30 Meitheamh) an litir bhliantúil ón nGobharnóir Gabriel Makhlouf chuig an Aire Airgeadais roimh Bhuiséad 2026 (PDF 3.04MB). Scríobhann an Gobharnóir chuig an Aire roimh an mBuiséad gach bliain i gcomhréir lena sainordaítear don Bhanc Ceannais maidir le hanailís a dhéanamh agus tuairimí a chur in iúl a chuidíonn leis an mbeartas náisiúnta eacnamaíoch a leagan amach.

Luann an Gobharnóir i litir na bliana seo gur mó an éiginnteacht anois a bhaineann lena mbeadh i ndán do chúrsaí eacnamaíocha na hÉireann tráth a bhfuil athrú arís agus arís eile ar chúrsaí eacnamaíocha ar leibhéal an domhain. Dá ainneoin sin, tá deiseanna freisin ann ag an lucht ceaptha beartais sa tír seo díriú ar nithe a bhfuil smacht acu orthu ionas go gcothaítear seasmhacht fhadtéarmach maidir le cúrsaí eacnamaíocha agus leis an gcistíocht phoiblí. Tarlaíonn go háirithe gur tráthúil anois díriú ar thrí cinn de réimsí príomhthábhachta maidir leis an mbeartas buiséid:

  • Feabhas ó thaobh seasmhachta agus leathnú ar an mbonn cánachais i bhfianaise ábhar baoil maidir le cáin corparáide go fadmharthanach;
  • Díriú ar bhealach stuama ar réimsí easnaimh i gcúrsaí bonneagair;
  • Pleanáil don toradh fioscach ar dheacrachtaí fadtéarmacha.

Beidh babhtáil cothromaíochta i gceist le dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na trí cinn de réimsí sin, mar a bheidh le roghanna agus gealltanais i ndáil leis an gcaiteachas poiblí agus le cúrsaí cánachais, mar aon le bearta leasaithe ar mhaithe le breis éifeachtúlachta i mbun caiteachas caipitil poiblí a chur i gcrích agus comhdhlús infheistíochta ó fhoinsí príobháideacha a chothú. Is féidir, ach na roghanna cearta a dhéanamh go tráthúil, brostú leis an bhforás fadtéarmach a mbeifí ina acmhainn, cistí poiblí a chumhdach agus bonn treise a chur faoi ardú inbhuanaithe ar chaighdeáin mhaireachtála don phobal i gcoitinne.

Luann an Gobharnóir sa litir go bhféachtar le bearta leasúcháin ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal náisiúnta le díriú ar an ábhar baoil a ghabhfadh leis an mbeartas buiséid a bheith gearrthéarmach ó thaobh béime agus gur teoranta dá réir an toradh chun sochair a thagann dá bharr. Tá na prionsabail (mar shampla béim níos treise ar phleanáil mheántéarmach buiséid) ar a mbunaítear rialacha AE, na bearta leasúcháin is deireanaí san áireamh – ach ní hé chomh feidhmiúil ná chomh críochnúil céanna atá siad i gcomhthéacs na hÉireann mar gheall go mbíonn siad ag brath ar an Olltáirgeacht Intíre. D’fhonn seanbhotúin a sheachaint in athuair agus d’fhonn an beartas buiséid a athrú ó chur chuige a bheadh róthugtha don ghearrthéarma, ba chóir don Rialtas glacadh le bonnchloch fhioscach shochosanta i ndáil leis an mbeartas buiséid ionas go gcinntítear an seasamh fioscach go ginearálta a bheith oiriúnach, ina chosaint ar chomhchiogalacht agus ar bhabhtáil idir borradh agus bánú agus ina chumhdach ag réimeas inmharthana fioscach. Is den tábhacht go mbeadh an beartas ina bhonn daingean faoi smacht docht ar chaiteachas – maidir le caiteachas reatha go háirithe – agus gur féidir dá réir ardú inbhuanaithe ar ghlanchaiteachas foriomlán an rialtais a thabhairt i bhfeidhm le himeacht aimsire.

Deir an Gobharnóir sa litir: “is comhartha seasmhacht mheántéarmach na gcistí poiblí gur gá leathnú ar an mbonn cánachais ionas go dtagann ardú ar ioncam an rialtais mar sciar den ioncam náisiúnta sa chaoi is go bhfreastalaítear do riachtanas cistíochta is eol a bheith ag teacht chun cinn agus gur lú a bhítear ag brath ar fháltas ó Cháin Corparáide. Is léir ó anailís a rinne baill foirne an Bhainc Ceannais go mbeidh gá le hardú 6½ faoin gcéad den ollioncam náisiúnta (OIN*), nó €265bn, idir na blianta 2025 agus 2050 chun caiteachas níos airde a bhaineann le haois daoine a mhaoiniú chomh maith leis an infheistíocht phoiblí bhreise a theastaíonn chun spriocanna maidir le tithíocht agus eacnamaíocht atá neodrach ó thaobh carbóin a shásamh.  Is tábhachtach an rud leanúint mar atá beartaithe le ranníocaíochtaí a aistriú chuig cistí CÉT/CBAD ach is den tábhacht freisin nach síltear go bhfuil leigheas gach ní sna Cistí sin. Mar shampla, ní bheidh ciste CÉT ann féin leordhóthanach le maoiniú a dhéanamh ar chaiteachas poiblí ar leibhéal níos airde a bheidh de dhíth chun freastal ar riachtanais daonra níos sine agus infheistíocht maidir le cúrsaí aeráide agus tithíochta a mhaoiniú. Chuideodh beart pras praiticiúil maidir le leathnú ar an mbonn cánachais lena chinntiú gur féidir soláthar go hinbhuanaithe do riachtanais breise caiteachais a bhfuil eolas roimh ré orthu fiú dá dtarlódh ísliú suntasach ar theacht isteach ó Cháin Corparáide.

Admhaíonn an Gobharnóir sa litir gur gá cuíchóiriú cothrom cúramach ar an mbeartas fioscach “ionas go gcinntítear dóthain scóip maidir le cúrsaí eacnamaíocha agus airgeadais chun an t-ardú (inbhuanaithe) is gá ar an gcaiteachas caipitil poiblí a thabhairt i gcrích ionas go dtugtar faoi chásanna easnaimh maidir le réimsí bonneagair a bhaineann le tithíocht, uisce, fuinneamh agus iompar go gearrthéarmach agus go meántéarmach. An tráth céanna, ó tharla gur géire anois a theastaíonn maolú ar an mbaol do na cistí poiblí ó bhonn cánachais róchúng, i bhfianaise a mhéid atáthar ag brath ar fháltais CC ó líon beag d’Fhiontair Ilnáisiúnta ar mó éiginnteachta ag baint leo mar gheall ar chúrsaí geo-eacnamaíocha. ”

“Ní leor infheistíocht caipitil phoiblí as féin chun na bearnaí easnaimh atá tagtha chun cinn maidir le cúrsaí tithíochta agus réimsí eile bonneagair a thabhairt isteach. Ba chóir smaoineamh níos géire maidir leis an mbeartas fioscach agus leis an mbeartas poiblí go ginearálta ar leasuithe trína spreagfaí infheistíocht phríobháideach agus borradh faoi tháirgiúlacht. I bhfianaise ardú mór ar an infheistíocht phoiblí is gá a bheith ar siúl faoi láthair agus leagtha amach cheana féin, ní foláir bearta leasúcháin trína maolaítear cásanna moille, agus costas i ndeireadh báire, a thabhairt i bhfeidhm i ndáil leis na gnéithe pleanála agus tógála a bhaineann le cúrsaí bonneagair agus sin d’fhonn a chinntiú go dtagann an tairbhe ón infheistíocht phoiblí i gcrích a bheadh i ndán don fhorás fadtéarmach. Chuirfeadh bearta dreasachta maidir le scála agus infheistíocht in innealra, i dtrealamh agus i réimsí nua teicneolaíochta in earnáil na tógála leis an táirgiúlacht agus d’fhéadfaí tithíocht agus gnéithe bonneagair a chur ar fáil ar bhealaí níos inbhuanaithe.”