Nuacht

KPH Advisory Services (Clón) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

02 Márta 2026 Warning Notice

Warning

RabhadhGnólacht Infheistíochta Neamhúdaraithe / Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe  
Ainm an Ghnólachta NeamhúdaraitheKPH Advisory Services (Clón) 
Suíomh gréasáinhttps://kphadvisoryservices.com/ 
Seoladh ríomhphoist a úsáidtear[email protected]       
Uimhir/(Uimhreacha) g(h)utháin a úsáidtear+353 1233 9412
Údarú in ÉirinnNíl KPH Advisory Services (Clón) údaraithe mar ghnólacht infheistíochta nó mar ghnólacht gnó infheistíochta in Éirinn.
Faisnéis Bhreise

Tá clónáil déanta ag eintiteas calaoiseach, a oibríonn an suíomh gréasáin https://kphadvisoryservices.com, ar shonraí gnólacht dlisteanach atá údaraithe ag Banc Ceannais na hÉireann, KPH Advisory Services Limited, lena n-áirítear ainm, seoladh, uimhir thagartha Bhanc Ceannais na hÉireann agus uimhir CRO de chuid an ghnólachta dhlisteanaigh. Tá an t-eintiteas clóin ag ligean air féin gurb é an t-eintiteas dlisteanach údaraithe é. Tá sé ag maíomh freisin go bhfuil sé ag feidhmiú mar ghnólacht infheistíochta agus mar ghnólacht gnó infheistíochta cé nach bhfuil aon údarú aige déanamh amhlaidh.

 

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil aon cheangal idir an t-eintiteas dlisteanach údaraithe agus an t-eintiteas calaoiseach clóin.  

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.