Nuacht

Léirítear ó athbhreithniú de chuid an Bhainc Ceannais go bhfuil níos mó ná 400,000 cárta creidmheasa ar sheanráta ard úis

06 Nollaig 2024 Preas Ráiteas

 Central Bank of Ireland

Ó 2022 i leith, de réir na reachtaíochta, ní féidir Ráta Céatadánach Bliantúil (APR) is airde ná 23% a bheith ar chuntas nua cárta creidmheasa. Léirítear in athbhreithniú a rinne Banc Ceannais na hÉireann go bhfuil níos mó ná 400,000 cuntas cárta creidmheasa, as tuairim is 1.3 milliún cuntas in Éirinn, ar Ráta Céatadánach Bliantúil is airde ná 23% ón am sular tháinig an reachtaíocht sin i bhfeidhm. Seans nach bhfuil na custaiméirí sin ar an eolas faoi ráta níos ísle a bheith ar fáil dóibh ar mhalairt táirge.

Aithníodh saincheisteanna eile san athbhreithniú chomh maith, mar shampla drochláimhseáil gearán ó chustaiméirí, saincheisteanna maidir leis an gcaoi ina ndéantar cártaí creidmheasa a mhargú le custaiméirí, agus a laghad cúnaimh a chuirtear ar fáil do chustaiméirí atá i ngéarchás airgeadais. Tá an Banc Ceannais ag tabhairt faoi na nithe seo go díreach leis na gnólachtaí chun a chinntiú go ndéantar na bearta cuí i ndáil le torthaí an athbhreithnithe, lena n-áirítear na custaiméirí lena mbaineann na rátaí arda úis seo a chur ar an eolas faoi na roghanna atá acu. Sa litir chuig gnólachtaí (PDF 118.59KB), luann an Banc Ceannais freisin cásanna inar tugadh dea-nósanna chun aire i ngnólachtaí ar leith a bhféadfadh gnólachtaí uile na hearnála déanamh dá réir. 

Ag labhairt dó tráth a fhoilsithe, deir Colm Kincaid, an Stiúrthóir ar Chosaint Tomhaltóirí: “Rinneadh an t-athbhreithniú seo ar thacaíochtaí do tomhaltóirí i ndáil le hiasachtaí cárta creidmheasa i gcomhthéacs obair leanúnach an Bhainc Ceannais chun a chinntiú go bhfuil gnólachtaí ag tacú le tomhaltóirí i ndáil le deacrachtaí leis an gcostas maireachtála. I bhfianaise go bhfuil an oiread sin custaiméirí ar sheanrátaí arda, tá ráite againn leis na hiasachtóirí atá i gceist beart a dhéanamh chun a chur in iúl do chustaiméirí má tá siad ar na seanrátaí arda seo agus cúnamh a thabhairt dóibh na roghanna atá ar fáil dóibh a mheas más mian leo athrú a dhéanamh. 

"D’fhéadfadh sábháil shuntasach don tomhaltóir ach bearta simplí a dhéanamh. Más custaiméir cárta creidmheasa thú, ní gá duit fanacht go dtagann an soláthraí i mbun caidrimh leat. Seiceáil an ráiteas ar do chárta creidmheasa anois agus féach an bhfuil ráta níos fearr ar fáil ó do ghnólacht reatha nó ó ghnólacht eile.  I gcás cuid mhór againn, is é an trath seo bliana an t-am is measa ó thaobh caiteachas, agus is gné thábhachtach na cártaí creidmheasa maidir le roghanna íocaíochta don tomhaltóir – ach déan cinnte nach bhfuil an iomarca á íoc agat. D’fhonn cuidiú le tomhaltóirí, tá faisnéis foilsithe againn ar Mhol an Tomhaltóra le mioneolas ar a bhfuil le cur san áireamh maidir le cártaí creidmheasa.

"Leagadh béim san athbhreithniú seo freisin ar shaincheisteanna eile maidir le seirbhísí agus tacaíochtaí do chustaiméirí, rud a thagann le saincheisteanna eile dá sórt a tugadh chun aire in athbhreithnithe eile a rinneadh i rith na bliana. Beidh tús áite ag an mBanc Ceannais ar leibhéil seirbhíse do chustaiméirí do ghnólachtaí rialáilte arís i rith na bliana 2025. Is féidir le gnólachtaí neart rudaí a dhéanamh chun leibheál seirbhíse a mbítear ag súil leis le réasún.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Breis eolais[email protected]

Is ionann an Ráta Céatadánach Bliantúil (APR) agus an costas iomlán iasachta ar feadh bliana, comhdhéanta d’ús agus de tháillí.

Rinneadh an t-athbhreithniú ar Thacaíochtaí do Chustaiméirí maidir le hIasachtaí Cártaí Creidmheasa i ndáil le cúig ghnólacht iasachtóireachta cártaí creidmheasa lena mbaineann tuairim is 97% de na cuntais cártaí creidmheasa pearsanta ar fad ar mhargadh na hÉireann. Scrúdaíodh mar chuid den athbhreithniú na bearta is tábhachtaí a rinne na gnólachtaí chun tacú lena gcuid custaiméirí athrú chuid na táirgí is oiriúnaí agus deacrachtaí airgeadais a réiteach.  Ina theannta sin, rinneadh próisis láimhseála gearán na ngnólachtaí a mheas, mar aon leis na modhanna ina raibh táirgí cártaí creidmheasa á margú agus á ndáileadh.

Cuireadh an t-athbhreithniú i gcrích trí bhearta lárnacha maoirseachta éagsúla, ina measc:

  1. Athbhreithniú ar líon níos mó ná dhá chéad fógra ar líne maidir le cártaí creidmheasa, leathanaigh gréasáin san ábhar;
  2. Measúnú ar shampla de chomhaid maidir le gearáin ó chustaiméirí, lena n-áirítear athbhreithniú ar níos mó ná céad glao taifeadta teileafóin agus athscríbhinn comhrá idir gnólachtaí agus custaiméirí.
  3. Roinnt tuairiscí arna gcur in iúl ag custaiméirí a mheas; agus
  4. Sonraí cainníochta a bhailiú agus a thabhairt faoi anailís.

Chomh maith leis na ceisteanna thuasluaite, tugadh chun aire freisin dea-ghnáis i ngnólachtaí áirithe, ina measc ligean do chustaiméirí reatha leas a bhaint as tairiscintí bolscaireachta agus leidí go minic ar leathanaigh gréasáin táillí agus muirir a thabhairt san áireamh in athuair.  Tugadh chun aire freisin comhfhreagras i scríbhinn agus cumarsáid ó bhéal ó ghnólachtaí áirithe á chur in iúl go soiléir do chustaiméirí na bearta go léir ba ghá chun cuntas cárta creidmheas a dhúnadh go hiomlán agus cúngú ar an méid cáipéisíochta is gá don phróiseas maidir le cur isteach ar chárta creidmheasa.

Tugadh faoin athbhreithniú mar chuid de chlár oibre céim i ndiaidh céime d’fhonn a dheimhniú go gcuidíonn gnólachtaí le tomhaltóirí a mbealach a dhéanamh trí thimpeallacht athraitheach eacnamaíoch, faoi mar a leagtar amach sa Litir chuig na Príomhfheidhmeannaigh (PDF 102.21KB) a seoladh i mí na Samhna 2022. Is cuid de sin an bhéim leanúnach ar chúnamh taca d’iasachtaithe ar fud an chóras airgeadais (PDF 554.47KB), tomhaltóirí sheirbhísí cárta creidmheasa san áireamh.

Maidir le tomhaltóirí a bhíonn ag déileáil le deacrachtaí airgid nó ag streachailt le fiachas, cuireann An tSeirbhís Comhairle Airgid agus Buiséid (MABS) comhairle neamhchlaonta ar fáil saor ó tháille a chuideodh le bainistíocht a dhéanamh ar ghnóthaí airgid agus smacht a fháil ar fhiachas.