Nuacht

Litir Réamhbhuiséid an Ghobharnóra Foilsithe

13 Iúil 2026 Preas Ráiteas

Outside of Central Bank building with cars parked on street

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann inniu (an 13 Iúil) an litir bhliantúil (PDF 3.17MB) ón nGobharnóir Gabriel Makhlouf chuig an Tánaiste agus chuig an Aire Airgeadais roimh Bhuiséad na bliana 2027.

Ina litir, leagann an Gobharnóir béim ar a thábhachtaí atá sé athléimneacht eacnamaíoch a fhorbairt i bhfianaise na héiginnteachta domhanda atá ag dul i méid agus na n-aistrithe eacnamaíocha struchtúracha. Leagann sé béim ar an ngá atá le tús áite a thabhairt do chúig réimse bharrthábhachtacha:

  • Acmhainn soláthair an gheilleagair a mhéadú, go háirithe tithíocht, iompar, fuinneamh agus bonneagar uisce;
  • An earnáil ghnó dhúchasach a neartú chun cur le hinfheistíocht dhíreach eachtrach agus athléimneacht eacnamaíoch a fheabhsú;
  • Maoláin fhioscacha a fhorbairt trí bheartas fioscach stuama agus trí rialú dian ar chaiteachas;
  • Athléimneacht teaghlach a threisiú trí rannpháirtíocht níos mó ag tomhaltóirí sa mhargadh airgeadais a éascú agus trí rochtain níos fearr a thabhairt do ghnólachtaí intíre ar mhaoiniú fiachais agus cothromais; agus
  • Oibriú le comhpháirtithe chun bonneagar eacnamaíoch na hEorpa a neartú agus chun sraith nua rialacha trádála iltaobhacha a fhorbairt lena soláthraítear cinnteacht agus cobhsaíocht.

“Tá cúiseanna dóchais le sonrú i dtaca le feidhmíocht eacnamaíoch na hÉireann, ach tá meabhrúcháin shoiléire ann freisin faoin ngá a bheith airdeallach,” a dúirt an Gobharnóir Makhlouf. “Trí chinntí stuama maidir le cúrsaí beartais a dhéanamh inniu, d’fhéadfadh na cinntí sin cuidiú leis an ngeilleagar a stiúradh trí thimpeallacht idirnáisiúnta chorrach, dul chun cinn eacnamaíoch inbhuanaithe a bhaint amach agus an athléimneacht atá ag teastáil sa tír a fhorbairt.”

Thug an Gobharnóir rabhadh faoi bhrúnna fioscacha atá ag teacht chun cinn, ag tabhairt dá aire go léiríonn réamh-mheastacháin reatha an Rialtais go mbeidh fás ar chaiteachas níos tapúla ná fás ar ioncam sna blianta atá amach romhainn. “Má leanann róchaiteachas ar aghaidh, d’fhéadfadh an t-easnamh bunúsach buiséid ardú go €25.7 billiún nó go dtí 5.8 faoin gcéad de GNI* faoin mbliain 2030. “Laghdódh sé sin na maoláin fhioscacha, rud a chuirfeadh teorainn leis an gcumas freagairt do thurraingí diúltacha amach anseo, agus chuirfeadh sé le brúnna boilscitheacha intíre freisin,” a dúirt sé mar rabhadh.

Ábhar mór imní is ea an spleáchas méadaitheach ar fháltais ó cháin chorparáide, arb ionann iad anois agus 23 faoin gcéad d’ioncam iomlán ginearálta an rialtais, i gcomparáid le 12 faoin gcéad roimhe seo. Thug an Gobharnóir dá aire nach raibh ach 10 gcuideachta freagrach as 56 faoin gcéad de na fáltais ar fad ó cháin chorparáide sa bhliain 2025.

“Cé gur dócha go dtiocfaidh méadú breise ar fháltais ó cháin corparáide in 2026, is cúis imní dom inbhuanaitheacht fhadtéarmach na leibhéal ard ioncaim atá ann faoi láthair.” “Tá gá le bonn cánach níos leithne chun cuidiú leis na rioscaí a bheadh i gceist dá gcaillfí fáltais ó cháin corparáide a mhaolú agus chun brúnna caiteachais aitheanta a mhaoiniú,” a dúirt an Gobharnóir Makhlouf.

Rinne an Gobharnóir trácht freisin ar infheistíocht phoiblí a sheachadadh, agus luaigh sé go bhfuil an Rialtas taréis infheistíocht phoiblí ainmniúil a mhéadú faoi dhó ón mbliain 2019 i leith, agus go bhféadfaí claochlú suntasach a dhéanamh mar gheall ar an infheistíocht sin. Seo mar a labhair sé: “Trí aghaidh a thabhairt ar easnaimh bhonneagair ar bhealach tráthúil, chuideofaí le brúnna boilscitheacha a laghdú, agus trí spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, chuirfí le hathléimneacht a chothú agus le spriocanna laghdaithe astaíochtaí a bhaint amach. “Tá sé deacair luach ar airgead a bhaint amach i ngeilleagar ina bhfuil lánfhostaíocht agus i bhfianaise turraingí costais a spreagtar ón taobh amuigh, ach gné ríthábhachtach i ndáil leis na tairbhí ó infheistíocht bheartaithe a bhaint amach is ea smacht ar chaiteachas, in éineacht le tosaíocht a thabhairt do thionscadail phoiblí a mbíonn na hiarmhairtí dearfacha is mó acu ar an earnáil phríobháideach.”   

Tá an Banc Ceannais ag éileamh freisin go mbeadh creat fioscach intíre éifeachtach agus ceangailteach i bhfeidhm, bunaithe ar cheithre phrionsabal threoracha: inbhuanaitheacht, an timthriall eacnamaíoch a shocrú, simplíocht, agus cothromaíocht idir solúbthacht agus smacht.

Dúirt an Gobharnóir ar deireadh: “Bhain an t-airgeadas poiblí tairbhe as an bhfás os cionn an mheáin ón mbliain 2021 i leith. In éineacht le borradh mór in ioncam ó cháin chorparáide, tá an staid bhuiséadach ceannlíne i mbreis ón mbliain 2022 i leith, d’ainneoin méaduithe móra ar chaiteachas agus roinnt laghduithe cánach. 

“Mar sin féin, tá an staid fhabhrach ceannlíne seo bunaithe ar bhunús atá beagán éagobhsaí.

“Cuireann ár ndálaí eacnamaíocha reatha deis ar fáil chun an creat fioscach a neartú. Ach ní bheidh an deis seo ar fáil i gcónaí."