Nuacht
Léirítear le Taighde nua ón mBanc Ceannais go Raibh Duine as Gach Triúr Daoine Fásta Thíos le Calaois ag Tráth Éigin in Éirinn, ach nár Thuairiscigh 38% Díobh sin gur Tharla Sé
28 Aibreán 2026
Preas Ráiteas

- Tá taithí ag níos mó ná duine amháin as gach triúr daoine fásta in Éirinn (35%) ar chalaois nó ar chamscéimeanna.
- Níor thuairiscigh 38% d’íospartaigh na calaoise a dtaithí dá soláthraí seirbhísí airgeadais ná d’aon údarás riamh.
- Léiríodh le taighde gurb iad iompraíochtaí contúirteacha ar líne an táscaire ba láidre a thuarfadh taithí ar chalaois—níos mó tionchair ná aois, ioncam ná leibhéal oideachais.
- Is mó seans go n-aisghabhfadh íospartaigh calaoise a gcuid airgid má dhéanann siad an chalaois a thuairisciú.
- Trí litearthacht i ndáil le calaois, laghdaítear an baol tuartha go nochtfaí duine do chalaois.
D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann inniu (Dé Máirt, an 28 Aibreán 2026) tuarascáil ina leagtar béim ar an bhfíoras go bhfuil taithí ag níos mó ná duine amháin as gach triúr daoine fásta in Éirinn (35%) ar chalaois nó ar chamscéimeanna (PDF 2.07MB), agus gur fhulaing beagnach dhá thrian de na híospartaigh caillteanais airgeadais. Bhí na torthaí bunaithe ar shuirbhé a rinneadh ar bheagnach 3,000 duine fásta, a bhí ionadaíoch ar an daonra náisiúnta, rud a thugann ceann de na léargais is cuimsithí go dtí seo ar mhinicíocht na calaoise agus ar a tionchar ar thomhaltóirí in Éirinn.
Cé gurb ionann agus €160 milliún an méid iomlán calaoise íocaíochta a tuairiscíodh in Éirinn in 2024, ar méadú 24.5% atá i gceist i gcomparáid le 2023, faoin taighde nua, tugtar le fios go bhféadfadh fíorthionchar na calaoise ar thomhaltóirí a bheith i bhfad níos mó ná mar a léirítear sna figiúirí oifigiúla.
Is cúis mhór imní é nár thuairiscigh 38% d’íospartaigh na calaoise a dtaithí dá soláthraí seirbhísí airgeadais ná d’aon údarás riamh.
Fuarthas amach sa taighde gurbh iad camscéimeanna ceannaigh ar líne na cinn ba choitianta, agus 48% d’íospartaigh buailte leo, agus ina dhiaidh sin, bhí calaois cártaí dochair agus creidmheasa (34%). I measc na gcamscéimeanna eile a bhí coitianta, bhí aithris ar sheirbhísí seachadta (15%) agus fioscaireacht nó camscéimeanna ríomhphoist (13%).
Cé nár chaill formhór na n-íospartach ach méideanna a bhí sách beag, agus nár chaill 39% díobh sin ach suim faoi bhun €249, aithníodh sa taighde calaois infheistíochta mar ábhar imní faoi leith. Cé gur calaois infheistíochta a chuir isteach ar 7% de na freagróirí, is iondúil go gcaillfeadh íospartaigh na calaoise infheistíochta suimeanna i bhfad níos mó.
Léirítear sa staidéar gaol láidir idir calaois a thuairisciú agus cistí a cailleadh a aisghabháil.
I measc na n-íospartach a thuairiscigh calaois dá mbanc, don Gharda Síochána nó d’údarás ábhartha eile, bhí 57% in ann a gcuid airgid a aisghabháil. I gcodarsnacht leis sin, níor éirigh ach le 13% díobh siúd nár thuairiscigh an chalaois a gcuid cistí a aisghabháil.
I bhfionnachtain shuntasach, aithníodh sa taighde gurbh iad iompraíochtaí contúirteacha ar líne an táscaire aonair ba láidre i ndáil le taithí ar chalaois—níos mó tionchair ná aois, ioncam ná leibhéal oideachais. Áirítear leis na hiompraíochtaí seo:
- Nithe a cheannach ó shuíomhanna gréasáin nach bhfuil aithne orthu.
- Sonraí baincéireachta nó cártaí íocaíochta a roinnt trí bhealaí neamhshlána amhail ríomhphost nó aipeanna teachtaireachtaí.
- Airgead a sheoladh chuig daoine ar casadh orthu ar líne ach nár bualadh leo riamh go pearsanta.
- Freagairt do theachtaireachtaí gan iarraidh ina dtairgtear lascainí nó promóisin.
- Gan leas a bhaint as fíordheimhniú ilmhodha le haghaidh íocaíochtaí ar líne.
- Ceannacháin ardluacha a dhéanamh go minic ar líne.
Cé nár léirigh litearthacht airgeadais ghinearálta—tuiscint a bheith ag duine ar choincheapa amhail rátaí úis agus boilsciú—aon éifeacht chosanta i gcoinne calaoise, rinne litearthacht a bhaineann go sonrach le calaois difríocht shuntasach. Bhí baint ag litearthacht maidir le calaois—an cumas comharthaí rabhaidh agus leideanna calaoiseacha a aithint i gcásanna réalaíocha—le taithí níos lú ar chalaois.
Dúirt an Leas-Ghobharnóir Kincaid maidir leis an tuarascáil: “Tá calaoisí airgeadais agus camscéimeanna fós ina réimse mór imní do Bhanc Ceannais na hÉireann, agus is amhlaidh atá an scéal do rialtóirí agus do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí ar fud an domhain. Cabhróidh an taighde atá á fhoilsiú againn inniu leis an mBanc Ceannais, le húdaráis eile agus le soláthraithe seirbhísí airgeadais dul i ngleic le calaois agus creataí níos fearr a fhorbairt chun déileáil leis an bhfadhb atá ag dul i méid agus atá os ár gcomhair ar fad.
Léirítear sa taighde freisin gur féidir leat é a dhéanamh níos deacra do chaimiléirí trí chéimeanna a ghlacadh i d’iompraíocht ar líne, agus tá sé tábhachtach, má bhuailtear tú mar íospartach calaoise, go ndéanann tú í a thuairisciú. Má thuairiscíonn tú don soláthraí seirbhísí airgeadais atá agat, is mó an seans go mbeidh tú in ann d’airgead a aisghabháil. I gcás nár údaraigh tú go sonrach an t-idirbheart íocaíochta, tá ceart reachtúil agat ar aisíocaíocht, faoi réir eisceachtaí teoranta. Tríd an gcalaois a thuairisciú, d’fhéadfá cabhrú le daoine eile freisin trí do sholáthraí seirbhísí airgeadais a chur ar an eolas fúithi.
Ar ndóigh, tá sé chomh tábhachtach céanna go mbeadh a soláthraí seirbhísí airgeadais ann chun tacú le daoine nuair a dhéanann siad calaois a thuairisciú, agus tá obair ar bun ag an mBanc Ceannais leis na gnólachtaí a rialálaimid chun seirbhís do chustaiméirí a fheabhsú i gcásanna calaoise.
Tuilleadh Faisnéise
Úna Quinn una.quinn@centralbank.ie / 086 067 4008
media@centralbank.ie