Nuacht
Neuberger Berman Asset Management Ireland Limited (CLÓN) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
02 Nollaig 2024
Warning Notice
Rabhadh: | Gnólacht Infheistíochta Neamhúdaraithe / Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe |
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Neuberger Berman Asset Management Ireland Limited (CLÓN) |
Suíomh gréasáin | https://nb-dashboard.com/ |
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear | · [ainm].[sloinne]@nb-ireland.com · [ainm].[sloinne]@nbdublin.com · [ainm].[sloinne]@nb-privatewealth.com · [email protected] · @nb-dashboard.com |
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear | · +353 1 233 8349 · +353 1 513 3065 |
Údarú in Éirinn | Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí infheistíochta a sholáthar in Éirinn. |
Faisnéis bhreise | Tá clónáil déanta ag an ngnólacht seo ar shonraí (ainm, seoladh (nó cuid de) agus uimhir údaraithe ón mBanc Ceannais) de chuid gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gurb é gnólacht dlisteanach, Neuberger Berman Asset Management Ireland Limited, atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Ar na táirgí a thairgeann an t-eintiteas calaoiseach, áirítear na cinn seo a leanas: · Bannaí Corparáideacha · Taiscí Téarma · Sárurrús Ráta Shocraithe Státchiste na Ríochta Aontaithe 6% 07/12/2028 |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.