Nuacht

Bearta breise glactha ag Banc Ceannais na hÉireann chun rochtain ar airgead tirim a chothabháil

30 Meitheamh 2026 Preas Ráiteas

Central Bank external image

Sheol Banc Ceannais na hÉireann léarscáil nua inniu ar a léirítear suíomh gach ATM agus pointe seirbhíse airgid sa tír. Is féidir le daoine den phobal anois fógra a thabhairt don Bhanc Ceannais freisin má shíleann siad nach bhfuil rochtain leormhaith ar airgead tirim ina gceantar féin.

Ón lá inniu (Dé Máirt an 30 Meitheamh 2026), is féidir le daoine den phobal fógra a thabhairt maidir le heasnamh áitiúil trí fhoirm ar líne atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais. Déanfaidh an Banc Ceannais measúnú cúramach ar gach fógra, breithneoidh sé dálaí sonracha an phobail áitiúil agus déanfaidh sé measúnú ar chomhréireacht an fheabhsúcháin. Má chinnimid gur cheart bonneagar breise airgid thirim a chur ar fáil, tabharfaimid fógra do na heintits ainmnithe atá freagrach as dul i ngleic leis sin (AIB, Bank of Ireland agus Permanent TSB). Is ionann an creat nua seo agus céim thábhachtach i gcur chun feidhme an Achta Airgeadais (Rochtain ar Bhonneagar Airgid Thirim a Sholáthar) 2025.

Léiríonn na sonraí a foilsíodh do mhí an Mhárta 2026 go bhfuil leibhéal foriomlán an bhonneagair airgid thirim i gcomhréir tríd is tríd leis na critéir arna leagan síos ag an Aire Airgeadais. Tá tuairim is 4,000 ATM in Éirinn agus thart ar 1,200 pointe seirbhíse airgid. In imthosca áirithe, áfach, b’fhéidir go mbeidh dúshláin shonracha ann maidir le hairgead tirim a rochtain ar leibhéal áitiúil. Freastalaíonn an creat maidir le heasnamh áitiúil ar na féidearthachtaí sin.

Is féidir leis an bpobal an méid seo a leanas a fháil anois ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais:

  • Léarscáil rochtana airgid ar a léirítear suíomh gach ATM agus pointe seirbhíse airgid ar fud na hÉireann chun go bhfeicfidh daoine an áit is gaire dóibh inar féidir airgead tirim a rochtain.
  • Treoirlínte maidir le heasnamh áitiúil - le faisnéis ina mínítear cad is brí le rochtain réasúnach, éifeachtach ar airgead tirim agus ina leagtar amach próiseas measúnaithe an Bhainc Ceannais.
  • Foirm maidir le heasnamh áitiúil chun gur féidir le daoine den phobal fógra a thabhairt don Bhanc Ceannais má shíleann siad go bhfuil easnamh maidir le rochtain áitiúil ar airgead tirim ina gceantar féin.

Arsa an Leas-Ghobharnóir Vasileios Madouros: “Tá an Banc Ceannais meáite ar a chinntiú go mbeidh airgead tirim ar fáil i gcónaí mar mhodh íocaíochta do dhaoine aonair agus do ghnóthaí ar fud na hÉireann. Tá na teoirlínte maidir le heasnamh áitiúil agus an léarscáil rochtana airgid á bhfoilsiú inniu tar éis dúinn comhairliúchán poiblí agus rannpháirtíocht le páirithe leasmhara. Is ionann é agus sprioc thábhachtach a bhí againn inár ról chun an reachtaíocht um rochtain ar airgead tirim a chur chun feidhme. Cé go léiríonn ár gcuid sonraí go bhfuil an bonneagar foriomlán airgid thirim i gcomhréir tríd is tríd leis na critéir atá leagtha amach ag an Aire Airgeadais, aithnímid go bhféadfaidh go dtiocfaidh saincheisteanna áitiúla chun cinn. Freastalaíonn an creat nua seo ar aon easnaimh áitiúla féideartha den sórt sin, agus is ionann a chur chun feidhme agus céim bhreise chun tosaigh i dtreo rochtain leormhaith, éifeachtach a chothabháil ar fud na hÉireann.”

Féach an léarscáil rochtana airgid, na treoirlínte maidir le heasnamh áitiúil, agus an fhoirm maidir le heasnamh áitiúil.

Nótaí don Eagarthóir

24 Feabhra 2026: An chéad tuarascáil maidir le rochtain ar airgead tirim foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann

5 Nollaig 2025: Comhairliúchán maidir le Rochtain ar Airgead Tirim seolta ag Banc Ceannais na hÉireann

24 Samhain 2025: Cuireann Banc Ceannais na hÉireann fáilte roimh na rialacháin maidir le rochtain ar airgead

Tuilleadh Faisnéise

Martin Grant / 086 078 7868 / martin.grant@centralbank.ie

Caidreamh leis na Meáin: media@centralbank.ie