Nuacht
An féidir leat caimiléir a aithint? – feachtas nua Bhanc Ceannais na hÉireann
20 Samhain 2024
Preas Ráiteas
Inniu an 20 Samhain, sheol Banc Ceannais na hÉireann feachtas nua chun cabhrú le tomhaltóirí camscéimeanna a sheachaint.
Ag labhairt di faoin seoladh, dúirt an Leas-Ghobharnóir Derville Rowland: “Faraor, tá camscéimeanna ag éirí níos sofaisticiúla agus níos réadúla i gcónaí. Mar sin, má fhaigheann tú ríomhphost nó teachtaireacht ar do ghuthán ina dtairiscítear infheistíocht nó iasacht duit, nó ina lorgaítear sonraí pearsanta uait, iarraimid ort stopadh agus an caimiléir a aithint.
“Ní dhéanfaidh gnólachtaí dlisteanacha teagmháil leat gan choinne chun brú a chur ort d’airgead a infheistiú. Nó, ní lorgóidh siad táille uait chun iarratas ar iasacht a phróiseáil, ná ní iarrfaidh siad ort cliceáil ar nasc i dtéacs chun do shonraí airgeadais a thabhairt dóibh.
“Tá roinnt camscéimeanna fíor-réadúla infheistíochta feicthe againn, ina n-úsáidtear sonraí agus lógónna de chuid fíorghnólachtaí, agus ainmneacha a gcuid ball foirne fiú. D’éirigh leis na camscéimeanna seo an dallamallóg a chur ar dhaoine a bhí ag iarraidh méideanna móra airgid a infheistiú. Iarraimid ort breathnú ar www.centralbank.ie/scams chun comhairle a fháil i dtaobh conas is féidir leat a chinntiú go bhfuil tú a plé le gnólacht dlisteanach.”
Deir an Bleachtaire Ceannfoirt Michael Cryan ó Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch: “Déan cinnte go gcosnaíonn tú do shonraí pearsanta i gcónaí. Ná cliceáil ar naisc agus bí san airdeall ar aon tairiscintí ar na meáin shóisialta agus ar ghlaonna gan choinne. Tóg do chuid ama, déan taighde, agus ná lig d’aon duine brú a chur ort cinneadh a dhéanamh. Lorg comhairle ó fhoinse iontaofa. Má thairgtear rud éigin duit a bhfuil cuma rómhaith air, is dóichí ná a mhalairt gur camscéim é.
Chruthaigh an Banc Ceannais ‘tástáil SAFE’, a mholann do thomhaltóirí ceithre chéim phraiticiúla a ghlacadh nuair a bheidh táirge airgeadais á cheannach acu nó nuair a bheidh siad ag déileáil le gnólacht trí shuíomh gréasáin, ar na meáin shóisialta, ar an nguthán nó ríomhphost, trí théacs nó trí bhosca aníos gan choinne. Tástáil SAFE:
1. Stop. Stop agus cuir ceist ort féin faoina bhfuil á thairiscint duit
2. Athbhreithnigh. Déan cinnte gur gnólacht dlisteanach é
3. Fíricí a sheiceáil. Lorg comhairle chun a chinntiú gur táirge dlisteanach nó seirbhís dhlisteanach atá i gceist.
4. É a nochtadh agus a thuairisciú. Má tá aon ábhar imní agat, déan teagmháil leis an mBanc Ceannais.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Tá eolas curtha ar fáil ag an mBanc Ceannais ag www.centralbank.ie/ceamalacha maidir leis an gcaoi inar féidir camscéimeanna a sheachaint. Is féidir le tomhaltóirí glaoch a chur orainn ar 0818 681 681 nó is féidir leo gnólacht neamhúdaraithe a thuairisciú ar líne.