Nuacht

Seolfaidh Banc Ceannais na hÉireann bonn inbhailithe Naomh Bríd chun comóradh a dhéanamh ar naomh cáiliúil na hÉireann

26 Meitheamh 2024 Preas Ráiteas

Glass roof

Seolfaidh Banc Ceannais na hÉireann eagrán teoranta bonn inbhailithe €15 inniu (26 Meitheamh) chun comóradh a dhéanamh ar Naomh Bríd, duine de naoimh is cáiliúla na hÉireann.

Seolfaidh an Leas-Ghobharnóir Sharon Donnery an bonn profa airgid i Solas Bhríde i gContae Chill Dara níos déanaí inniu. Beidh an bonn ar díol ag 2 i.n. ar www.collectorcoins.ie ar  €65. Tá teorainn eisiúna 2,000 ag an mbonn.

Is í an t-ealaíontóir Éireannach Mary Gregoriy a dhear an bonn, ar a léirítear Bríd agus í in aois na hóige, a clóca, agus Cros Bhríde. Bhí an t-ealaíontóir ag iarraidh an bhean í féin agus an miotas a bhaineann léi a thabhairt le chéile sa dearadh. Os cionn a cinn, tá Cros Bhríde mar a bheadh réalta eolais ann agus tá duilleog darach ar a muinchille – mar shiombail de Chill Dara agus dá mainistir a bunaíodh ansin.

Dúirt an Leas-Ghobharnóir Sharon Donnery: "Táimid an-bhródúil an bonn inbhailithe €15 seo a eisiúint chun comóradh a dhéanamh ar Naomh Bríd agus é 1,500 bliain ó fuair sí bás. Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt do dhuine de na naoimh is cáiliúla dá bhfuil againn.

Mar is eol dúinn go léir, de réir an tseanchais, bhunaigh Naomh Bríd mainistir ar an mbaile agus ainmníodh Cill Dara i ndiaidh na mainistreach sin. Tá sé an-oiriúnach, dá bhrí sin, an bonn a sheoladh agus í a chomóradh san áit álainn seo i gCill Dara inniu.

Tá go leor scéalta agus miotas bainteach le Naomh Bríd, ach leagan go leor den mhéid a insítear fúithi béim ar a croíluachanna –cabhrú leis na boicht, síocháin a choinneáil agus a bheith ag iarraidh domhan cóir cothrom a chruthú.

Bean láidir ba ea í a bhí tiomanta do fhreastal ar dhaoine agus do chosaint an dúlra. Ní hamháin go bhfuil a saol, a cuid oibre agus a hoidhreacht ábhartha sa lá atá inniu ann, ach beidh sí ina hinspioráid dúinn i gcónaí.

I gcás daoine áirithe, ba í a spioradáltacht, a comhshaolachas, nó a ról mar eadránaí a thugann an inspioráid sin.

I gcás daoine eile, ba é a misneach a thugann an inspioráid sin, misneach glacadh leis an athrú agus troid ar son an athraithe ag tráth a raibh éiginnteacht agus aistriú mór a gceist leis in Éirinn.

Ba í an tseirbhís a chuireadh sí ar fáil don phobal chomh maith lena ceannaireacht a sheasann amach domsa – d’fhreastalaíodh sí ar an bpobal agus bhíodh sí ina ceannaire tráth nach raibh mórán ceannairí ban ann.

Agus muid ag tabhairt ómós do Naomh Bríd, tugann an bonn comórtha seo deis dúinn cuimhneamh ar an ról a bhí aici féin agus ag mná na hÉireann sa stair, sa chultúr agus sa tsochaí. Is deis é seo freisin machnamh a dhéanamh, chomh maith le smaoineamh ar na ceachtanna is féidir linn a thabhairt linn amach anseo."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

  • Dhear an t-ealaíontóir Éireannach Mary Gregory roinnt bonn comórtha lena n-áirítear bonn Luke Kelly.
  • Eisíonn an Banc Ceannais roinnt táirgí bonn inbhailithe gach bliain, thar ceann an Aire Airgeadais. Iarrann an Banc Ceannais aighneachtaí ón bpobal maidir leis na téamaí.
  • Is boinn inbhailithe iad boinn phrofa agus níl siad beartaithe le haghaidh cúrsaíocht ghinearálta. Déantar iad a bhualadh ag baint úsáid as díslí agus crotáin snasta speisialta a thugann bailchríoch mar a bheadh scáthán dóibh. Tugann cuma shoiléir, mhionsonraithe, lonrach na mbonn cruthúnais a gcáilíochta inbhailithe dóibh.