Nuacht
Stalwart Investments Limited (Clón) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
02 Márta 2026
Warning Notice

| Rabhadh | Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe |
| Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Stalwart Investments Limited (CLÓN) |
| Suíomh gréasáin | https://stalwartinvestmentslimited.com/ |
| Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear | [email protected] |
| Uimhir/(Uimhreacha) g(h)utháin a úsáidtear | +353 89 985 6205 |
| Údarú in Éirinn | Níl an gnólacht CLÓIN, a bhaineann úsáid as an ainm Stalwart Investments Limited agus as an suíomh gréasáin https://stalwartinvestmentslimited.com/ údaraithe chun seirbhísí miondíola a sholáthar in Éirinn. |
| Faisnéis bhreise | Is sampla é seo de ‘chalaois réamhtháille’, áit a n-iarrtar íocaíocht roimh ré sula gcuirtear iasacht ar fáil, ach ní chuirtear an iasacht ar fáil riamh. Tá clónáil déanta ag an nGnólacht Neamhúdaraithe ar shonraí gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais, Stalwart Investments Limited ag trádáil dó mar Loan365, agus tá sé ag ligean air gurb é an gnólacht dlisteanach é chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil aon cheangal idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an Gnólacht Neamhúdaraithe. Is féidir teacht ar sheirbhísí Stalwart Investments Limited, ag trádáil dó mar Loan365, trí aip Loan365 atá le fáil ar Android Play Store agus Apple iOS App Store. |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.