Comórtas do Bhonn AE

Tá bonn comórtha €2 seolta ag Banc Ceannais na hÉireann chun comóradh a dhéanamh ar Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ó mhí Iúil - Nollaig 2026.
Rinneadh 500,000 bonn comórtha €2 a chur i gcúrsaíocht Dé Máirt an 7 Iúil 2026.
An Dúshlán
An bhfaca tú an bonn comórtha nua €2?
Tá bonn eisithe ag Banc Ceannais na hÉireann chun comóradh a dhéanamh ar Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach agus tá 500,000 díobh sin i gcúrsaíocht faoi láthair.
Seo dúshlán duit: Aimsigh ceann de na boinn seo agus bain úsáid as ár bhfoirm uaslódála ar líne chun físeán a sheoladh chugainn ina bhfuil an bonn á léiriú agat ar bhealach cruthaitheach.
Taispeánfaimid na físeáin is fearr ar ár bhfotha agus tabharfaimid foirne profa galánta do thriúr buaiteoirí.
Tú réidh? Aimsigh an bonn. Déan físeán de. Seol chugainn é!
Tá deis á tabhairt againn do dhaoine den phobal foireann phrofa theoranta a bhuachan. Tá na foirne seo, a bhfuil praghas miondíola €120 orthu, díolta amach agus an-éileamh orthu ag bailitheoirí bonn agus ag daoine a bhfuil suim mhór acu i mboinn.
Dúshlán simplí atá i gceist:
- Aimsigh ceann de na boinn €2 nua atá i gcúrsaíocht - téigh á lorg mar shóinseáil i siopaí nó in oifig an phoist i do cheantar áitiúil má bhíonn deacracht agat é a aimsiú.
- Déan físeán nach faide ná 20 soicind ina nochtaítear an bonn ar bhealach cruthaitheach.
Mar shampla, d’fhéadfá an bonn a thabhairt chuig sainchomhartha suntasach áit éigin san Aontas Eorpach, nó fiú an bonn a nochtadh sa bhaile trí úsáid a bhaint as prapaí, daoine den teaghlach nó peataí. Féadfaidh an físeán seo a bheith i bhformáid tírdhreacha nó phortráide; féadfaidh tú féin a bheith san fhíseán nó ag labhairt ar ceamara, nó féadfaidh tú an scéal a fhágáil ag do lámha nó ag prapaí. Níl teorainn leis na féidearthachtaí. Is gá go mbeidh lógó na hUachtaránachta le feiceáil go soiléir san fhíseán agus cuirfimid fáilte go háirithe roimh iarratais a mbaineann gné Eorpach leo.
Má tá smaointe ag teastáil uait sula gcuireann tú isteach ar an gcomórtas, coinnigh súil amach ar ár gcainéal Instagram, áit a mbeidh físeáin á bpostáil againn ónár bhfoireann féin agus ó bhaill foirne in ambasáidí ar fud an Aontais Eorpaigh.
Conas cur isteach ar an gComórtas
Líon isteach ár bhfoirm iontrála ar líne.
Ní mór duit d’ainm, d’uimhir ghutháin agus do sheoladh ríomhphoist a thabhairt agus a dheimhniú go bhfuil tú 18 mbliana déag d’aois nó níos sine.
Tabharfar rogha duit ansin maidir le conas is féidir leat d’fhíseán a chur chugainn:
- É a fhísthaifeadadh trí úsáid a bhaint as an bhfeidhm sin ar an bhfoirm, nó
- D’fhíseán a uaslódáil ó do ghléas féin.
Tá an comórtas ar oscailt ón 27 Iúil go dtí an 18 Meán Fómhair 2026.
Le linn mhí Dheireadh Fómhair agus mhí na Samhna, beidh roinnt de na hiarratais is fearr á bpostáil againn ar Instagram sula bhfógrófar na buaiteoirí i mí na Nollag.
Tá na hiarratais teoranta d’aon fhíseán amháin in aghaidh an duine. Tá na téarmaí agus coinníollacha iomlána, mar aon lenár ráiteas maidir le cosaint sonraí, ar fáil anseo thíos.
- Ní mór do na hiarrthóirí go léir a bheith 18 mbliana déag d’aois ar a laghad ar dháta a n-iarratais. Féadfaidh iarrthóirí mionaoisigh, atá faoi bhun 18 mbliana déag d’aois agus iad sin nach féidir leo a dtoiliú a thabhairt ar bhealach eile thar a gceann féin, a dtuismitheoir nó a gcaomhnóir thar a gceann, a léiriú ina gcuid físeán, más tuismitheoirí/caomhnóirí de chuid na mionaoiseach sin iad agus má thuigeann siad agus má thoilíonn siad go bhféadfaí an físeán sin a phostáil ar mheáin shóisialta phoiblí agus ar ardáin dhigiteacha phoiblí. Tuismitheoirí agus caomhnóirí de chuid mionaoiseach arna léiriú i bhfíseáin a chuirtear isteach mar iarratas don chomórtas, tugann siad a gcead agus a dtoiliú go ndéanfaí an íomhá/físeán a úsáid agus a phostáil ar mheáin shóisialta phoiblí agus ar ardáin dhigiteacha phoiblí.
- 20 soicind ar a mhéad a bheidh in aon fhíseán a chuirfear isteach mar iarratas don Chomórtas. Is gá go mbeidh lógó na hUachtaránachta le feiceáil go soiléir san fhíseán chun go mbeidh an t-iarratas bailí.
- Ní mór do na hiarrthóirí a chinntiú go ndéanfar na físeáin a scannánú in áiteanna ina bhfuil cead acu scannánú gan cead nó ceadúnas a iarraidh ó thríú páirtí.
- Ní bheidh ach iarrthóirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach i dteideal duais a bhuachan.
- Is féidir le fostaithe agus foireann an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus ambasáidí san Aontas Eorpach, mar aon daoine dá neasteaghlach, físeáin a chur isteach ach ní bheidh siad i dteideal duaiseanna a fháil.
- Roghnófar triúr buaiteoirí as measc na n-iarrthóirí sa Chomórtas. Breithneofar físeán amháin in aghaidh an iarrthóra nuair a bheidh na craobhiomaitheoirí sa Chomórtas agus an triúr buaiteoirí deiridh á roghnú. Ní bhreithneofar iarratais iolracha ó iarrthóirí aonair sa Chomórtas.
- Ní mór d’iarrthóirí a gcuid físeán a chur isteach faoi 11.00pm ar an 18 Meán Fómhair 2026. Aon iarratais a chuirfear isteach i ndiaidh an dáta sin, ní bheidh siad san iomaíocht le haghaidh duaiseanna atá liostaithe ar an leathanach gréasáin seo.
- Iarrthóirí a chuireann aon fhíseán nó aon fhíseáin isteach a bhfuil íomhánna gáirsiúla nó neamhoiriúnacha d’aon chineál iontu, ní chuirfear san áireamh iad agus díbreofar as an gcomórtas iad.
- Forchoimeádfaidh iarrthóirí cearta maoine intleachtúla san fhíseán atá cruthaithe agus curtha isteach acu. Mar choinníoll iontrála, tabharfaidh iarrthóirí ceadúnas neamh-inchúlghairthe, saor ó ríchíosanna, fo-incheadúnaithe, inaistrithe, neamheisiach do Bhanc Ceannais na hÉireann chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
An físeán/na híomhánna a atáirgeadh chun críocha poiblíochta, faisnéise, oideachais, tagartha agus chun críocha craoltóireachta agus digiteacha i dtaca leis an gComórtas agus chun críocha aon fheachtais poiblíochta a bhaineann leis an gcomórtas ina dhiaidh sin
An físeán a bhearradh nó a chur in eagar de réir mar is gá chun é a chur in oiriúint d’fhormáidí éagsúla a bhaineann leis na modhanna thuasluaite
Na híomhánna a chur ar fáil do thríú páirtithe amhail an Banc Ceannais Eorpach agus Bainc Cheannais Náisiúnta eile agus na meáin/craoltóirí idirnáisiúnta i dtaca leis an gComórtas
Léiriú ar an bhfíseán/íomhá a úsáid chun críocha fógraíochta, margaíochta, promóisin nó chun críocha eile
Aon úsáid eile chun críocha an Chomórtais agus aon fheachtas gaolmhar meán de réir mar a chinnfidh Banc Ceannais na hÉireann.
Tar éis dóibh glacadh le ceann de na trí dhuais, comhaontóidh na buaiteoirí duaise go bhfoilseofar a gcuid ainmneacha ar an suíomh gréasáin agus ar chainéil Bhanc Ceannais na hÉireann ar na meáin shóisialta. - Féadfaidh Banc Ceannais na hÉireann próisis agus bronnadh duaiseanna an Chomórtais a scannánú agus/nó a chraoladh, ach ní bheidh oibleagáid air déanamh amhlaidh. Admhóidh iarrthóirí (agus i gcás ina mbeidh siad faoi bhun 18 nó nach féidir leo a dtoiliú a thabhairt ar bhealach eile thar a gceann féin, admhóidh a dtuismitheoir nó a gcaomhnóir thar a gceann) nach bhfuil úinéireacht acu ar na cearta maoine intleachtúla in aon phíosa scannánaíochta den sórt sin agus go mbeidh Banc Ceannais na hÉireann i dteideal - gan tagairt don iarrthóir - eagarthóireacht a dhéanamh ar an bpíosa scannánaíochta sin de réir mar is cuí leis agus é a scaipeadh in aon mheáin de réir mar is cuí leis. Leis seo, déanann iarrthóirí (agus i gcás ina mbeidh siad faoi bhun 18 nó nach féidir leo a dtoiliú a thabhairt ar bhealach eile thar a gceann féin, déanann a dtuismitheoir nó a gcaomhnóir thar a gceann) aon cheann nó gach ceann de chearta morálta taibheoirí agus aon cheart comhchosúil eile a bheidh dílsithe sna hiarrthóirí i leith na scannánaíochta sin a tharscaoileadh go neamh-inchúlghairthe i bhfabhar Bhanc Ceannais na hÉireann agus a chomharbaí agus a shannaithe.
- Trí pháirt a ghlacadh sa Chomórtas, comhaontaíonn iarrthóirí go dtabharfaidh siad a n-ainm, a n-uimhir ghutháin, a seoladh ríomhphoist agus, i gcás na mbuaiteoirí a roghnófar, a seoltaí poist, chun críocha cumarsáide ó Bhanc Ceannais na hÉireann i ndáil leis an gComórtas, agus chun na gcríoch sin amháin, agus toilíonn siad go bpróiseálfaidh Banc Ceannais na hÉireann sonraí pearsanta chun na críche sin.
- Le hiarratas a chur isteach ar an gComórtas, ní chruthaítear ionchas nó oibleagáid dhlíthiúil chun duais a thabhairt do na hiarrthóirí.
- Déanfar na duaiseanna a sheoladh chuig an triúr buaiteoirí duaise leis an bpost nó le cúiréir. Ní ghlacann an Banc freagracht as aon duaiseanna a chailltear nó a dhamáistítear i gcúrsa a seachadta.
- Rachaidh Banc Ceannais na hÉireann i dteagmháil leis an triúr buaiteoirí duaise chun a seoltaí poist a iarraidh orthu sa chaoi go bhféadfar na duaiseanna a sheoladh chucu. Má mhainníonn na buaiteoirí duaise a gcuid seoltaí poist a chur ar fáil laistigh de 10 lá féilire ó dháta na hiarrata, forghéillfear an duais agus roghnófar buaiteoir malartach ó phainéal na gcraobhiomaitheoirí.
- Ní féidir na duaiseanna a fhuascailt le haghaidh airgead tirim nó roghanna malartacha eile airgid.
- Ní ghlacfaidh Banc Ceannais na hÉireann aon dliteanas air féin i leith saincheisteanna nó fadhbanna teicniúla a fhéadfaidh cur isteach ar chúrsa rianúil an chomórtais, a fhéadfaidh bac a chur ar rannpháirtíocht ann nó a fhéadfaidh an comórtas a chosc.
- Déanfaidh Banc Ceannais na hÉireann athbhreithniú ar na hiarratais go léir ar an tuiscint go bhfuil na Téarmaí agus Coinníollacha seo comhlíonta ag iarrthóirí.
- Déanfar na téarmaí agus coinníollacha seo a rialú agus a fhorléiriú i gcomhréir le Dlí na hÉireann agus beidh aon díospóidí a thiocfaidh chun cinn faoi na rialacha seo faoi réir dlínse eisiach chúirteanna na hÉireann.
- Tá na téarmaí agus coinníollacha seo faoi réir athraithe.
- Trí pháirt a ghlacadh sa Chomórtas seo, toilíonn tú go bpróiseálfaidh Banc Ceannais na hÉireann do chuid sonraí pearsanta, lena n-áirítear d’fhíseán a phostáil, b’fhéidir.
- Déanfar na cineálacha sonraí pearsanta seo a leanas a phróiseáil mar chuid den Chomórtas:
D’ainm
Do sheoladh ríomhphoist agus d’uimhir ghutháin
Do sheoladh poist (má roghnaítear mar bhuaiteoir thú)
Aon íomhánna/fhíseán pearsanta a bheidh san fhíseán a chuireann tú isteach. - Má bhíonn íomhánna/físean d’aon tríú páirtithe san fhíseán a chuireann tú chugainn, ní mór duit a dtoiliú a fháil agus a chur ar fáil, lena n-áirítear toiliú aon mhionaoiseach: ar toiliú é a bheidh tugtha ag a dtuismitheoirí/a gcaomhnóir.
- Ní dhéanfar do shonraí pearsanta a roinnt ach amháin le cibé foireann údaraithe agus soláthraithe tríú páirtí (e.g. óstáil TF, painéil moltóirí) is gá chun an comórtas a reáchtáil. Déanfar iad a roinnt/a fhoilsiú freisin ar chainéil na meán sóisialta agus ar na cainéil dhigiteacha de chuid Bhanc Ceannais na hÉireann.
- Is chun críocha an Comórtas seo a reáchtáil, ach chun na gcríoch sin amháin, a úsáidfidh Banc Ceannais na hÉireann do chuid sonraí pearsanta.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi ina bpróiseálann Banc Ceannais na hÉireann do chuid sonraí pearsanta agus do chearta aonair, féach ár bhFógra Príobháideachais maidir le Cosaint Sonraí.