An tAthbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais I 2026

Ó foilsíodh an tAthbhreithniú deireanach, tá géarú tagtha ar na rioscaí atá ann ón timpeallacht dhomhanda don chóras airgeadais intíre Bheadh impleachtaí ag turraing dhomhanda fuinnimh don fhás, don bhoilsciú agus do dhálaí airgeadais.  Cé go bhfuil an córas airgeadais domhanda athléimneach i leith na turrainge go dtí seo, agus go bhfuil margaí ag feidhmiú i gcónaí ar mhodh ordúil, beidh an iarmhairt deiridh ag brath ar dhéine agus ar fhad na coinbhleachta sa Mheánoirthear.

Tá méadú tagtha ar an bhféidearthacht go dtiocfaidh rioscaí iomadúla  chun cinn ag an am céanna sa timpeallacht seo. Dá mbeadh géarú ar an gcoinbhleacht, nó dá mbeadh suaitheadh fadtréimhseach ar shlabhraí soláthair, d’fhéadfaí leochaileachtaí iomadúla atá ann cheana a spreagadh ar fud an chórais airgeadais, mar shampla luachálacha arda SI i dteannta infheistíochtaí arna spreagadh ag fiachas, neamhchosaintí ar an margadh creidmheasa phríobháidigh atá ag dul i méid agus neamhréir leanúnach leachtachta agus giaráil ard i measc idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc áirithe domhanda. Tá na leochaileachtaí airgeadais seo ann i bhfianaise spás fioscach laghdaitheach i roinnt mhaith tíortha - rud a chuireann srian lena gcumas chun freagairt don turraing fuinnimh nó chun ullmhú d’athruithe struchtúracha níos moille amhail an t-athrú aeráide. Taobh amuigh de rioscaí airgeadais, leanann cibear-rioscaí de bheith ag géarú i bhfianaise teannas geopholaitiúil ardaithe agus forbairtí tapa maidir le SI.

Tá an córas airgeadais agus geilleagar intíre athléimneach i gcónaí agus tá siad leochaileach do na rioscaí seachtracha ardaithe sin. Léiríonn sé seo an tábhacht a bhaineann le hathléimneacht na n-idirghabhálaithe airgeadais intíre a choimirciú i leith rioscaí airgeadais agus neamhairgeadais araon (lena n-áirítear cibearshuaití agus suaití oibríochtúla níos leithne). 

Financial Stability Review 2026 I | pdf 999 KB

Féach freisin: