An tAthbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais II 2024
Tá an córas airgeadais domhanda athléimneach ó foilsíodh an tAthbhreithniú deireanach d’ainneoin tréimhsí luaineachta sa mhargadh, ach tá rioscaí ar an taobh thíos ann i bhfianaise éiginnteacht mhéadaithe eacnamaíoch agus geopholaitiúil. Leanann boilsciú domhanda de bheith ag titim agus tá sé gar don sprioc i gcás roinnt mhaith de na geilleagair fhorbartha, rud a chuireann ar chumas na mbanc ceannais rátaí beartais a laghdú. Fad atá réamhaisnéisí don fhás domhanda cobhsaí, tá lagú tagtha ar tháscairí maidir le gníomhaíocht sa limistéar euro, agus bíonn freagairt láidir ag margaí airgeadais ar forbairtí eacnamaíocha in amanna. Tugann sé seo le fios go bhfuil an chothromaíocht maidir le rioscaí ag aistriú ó bhoilsciú go fás, agus tá an fhéidearthacht ann go mbeidh fás níos ísle ar thrádáil ar agus OTI mar gheall ar theannas geopholaitiúil méadaithe.
Bhí fás láidir ar gheilleagar intíre na hÉireann, agus meastar go leanfaidh sé seo sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, rud a thacaíonn le staid airgeadais iasachtaithe agus iasachtóirí. Ach, tá geilleagar na hÉireann neamhchosanta ar rioscaí geopholaitiúla agus eacnamaíocha méadaithe toisc gur geilleagar beag, oscailte é. Ar an iomlán, tá méadú tagtha ar rioscaí intíre sa mheántéarma, sa mhéid go bhfuil srianta acmhainneachta agus ganntanas tithíochta ann a chruthaíonn rioscaí don fhás agus don infheistíocht dhíreach eachtrach amach anseo. D’fhéadfaí go gcuirfeadh staid fhorleathnaitheach fhioscach i dteannta ionchais go maolófaí an beartas airgeadaíochta leis na míchothromaíochtaí atá ann cheana agus le róthéamh sa gheilleagar. Tá teaghlaigh agus gnóthaí athléimneach i gcónaí ach tá siad neamhchosanta ar fhobairtí domhanda freisin trí bhíthin neamhchosaintí trádála agus comhchruinniú fhostaíocht FIN in earnálacha áirithe. Tá margadh CRE ag dul in oiriúint go fóill, de réir mar a leanann na constaicí struchtúracha agus timthriallacha araon, ach tá an córas baincéireachta intíre athléimneach i gcónaí d’ainneoin chor chun donais CRE.
Financial Stability Review 2024 II | pdf 1857 KB
FSR 2024 II Risks Chartpack | xlsx 507 KB
FSR 2024 II Resilience Chartpack | xlsx 564 KB
FSR 2024 II Policy Chartpack | xlsx 226 KB
FSR 2024 II Box Chartpack | xlsx 224 KB
Féach freisin: