Ár Straitéis (Meán Fómhair 2024)

Strategy Theme

Ó tharla gurb é Meitheamh 2024 an pointe leath bealaigh i gcur chun feidhme ár Straitéise cúig bliana (2022-2026), rinneamar athbhreithniú ar ár gcomhthéacs oibríochtúil agus ar ár ndul chun cinn, chun a chinntiú go raibh ár dtosaíochtaí bailí i gcónaí agus freagarthach do na hathruithe a bhí ag tarlú sa gheilleagar agus sa chóras airgeadais.

De thoradh an athbhreithnithe sin, chinneamar go raibh an treo straitéiseach a leag Coimisiún an Bhainc Ceannais amach inár Straitéis (2022 - 2026) fós bailí. De réir mar a leanaimid dár mbunspriocanna straitéiseacha a shaothrú sna trí bliana atá romhainn, tá an deis tapaithe againn chun ár Straitéis fhoilsithe a athnuachan, agus anois beidh éifeacht leis an Straitéis sin go dtí deireadh 2027.

Cuirfidh an Straitéis athnuaite (2025 - 2027) ar ár gcumas ár Misean agus ár bhFís a chomhlíonadh, agus beidh mar threoir againn an cuspóir atá leagtha amach in Acht an Bhainc Cheannais 1942, a deir gurb “é leas an phobail i gcoitinne is príomh-chuspóir buan” don Bhanc Ceannais.  

Ár Straitéis 2024 | pdf 2920 KB

Téamaí Straitéiseacha

Tá ár Straitéis bunaithe ar cheithre théama straitéiseacha.

  1. Dírithe ar an Todhchaí
    Tá sé riachtanach go mbeidh an Banc Ceannais Dírithe ar an Todhchaí chun go mbeidh sé ábalta tuiscint níos fearr a shealbhú ar na hathruithe forleathana atá ag tarlú sa gheilleagar agus san earnáil airgeadais, na hathruithe sin a thuar agus é féin a oiriúnú chun dul i ngleic leo, agus béim ar leith á cur aige ar an nuálaíocht theicneolaíoch, ar an aistriú aeráide agus ar athrú geopholaitiúil.  
  2. Oscailte & Rannpháirteach
    Trína bheith Oscailte & Rannpháirteach, dearbhaímid go bhfuil sé mar thosaíocht ríthábhachtach ag an mBanc Ceannais éisteacht lenár bpáirtithe leasmhara, agus dul i mbun plé agus foghlama, sa chaoi gur féidir linn cur le muinín sa chóras airgeadais agus tuiscint níos fearr ar ról an Bhainc Ceannais a chothú.
  3. Bunathrú
    Cuidíonn téama an Bhunathraithe go mór leis an Straitéis fhoriomlán a bhaint amach. Trí Bhunathrú, tá sé mar aidhm againn feabhas a chur ar an gcaoi ina mbíonn ár n-eagraíocht ag oibriú, d’fhonn modhanna oibre níos éifeachtúla, níos éifeachtaí, níos oiriúnaí agus níos nuálaí a éascú, trí leas a bhaint as acmhainní Aon Bhainc amháin agus ár gcroí-chostais a bhainistiú de réir mar a leanann ár n-ualach oibre de bheith ag méadú i dtéarmaí méide agus castachta. Chuige sin, tá sé sár-riachtanach go dtacóimid lenár mbaill foirne le linn dóibh a gcuid ról a chomhlíonadh ar bhonn aonair agus ar bhonn comhchoiteann, trí shonraí agus an teicneolaíocht a úsáid chun próisis éifeachtacha, éifeachtúla a chur ar fáil, i dtimpeallacht a bheidh fabhrach dár luachanna.
  4. Cosaint
    I dteannta téamaí straitéiseacha eile, léiríonn Cosaint ár dtiomantas diongbháilte chun ceapadh, cur chun feidhme agus oibriú ár gcreataí lárnacha beartas agus maoirseachta a neartú. Is trí na creataí seo a bhainimid ár bhfeidhmeanna reachtúla amach.

Dualgas Earnála Poiblí maidir le Cearta an Duine agus Comhionannas

Le linn dúinn ár Straitéis cúig bliana (20222026) a fhorbairt, agus mar chuid den athbhreithniú a rinneamar ag an bpointe leath bealaigh in 2024, bhreithnigh an Banc Ceannais a ról féin faoin Dualgas Earnála Poiblí maidir le Cearta an Duine agus Comhionannas, agus rinne sé measúnacht ar shaincheisteanna maidir le cearta an duine agus comhionannas atá iomchuí maidir lenár bhfeidhmeanna agus lenár gcríoch. Ina theannta sin, leagamar amach plean gníomhaíochta atá á shaothrú againn d’fhonn freastal ar ár nDualgas Earnála Poiblí maidir le Cearta an Duine agus Comhionannas. 

Ár nDualgas Earnála Poiblí a chomhlíonadh Measúnacht & Plean Gníomhaíochta | pdf 443 KB

Pleananna Straitéiseacha Roimhe Seo

Féach freisin: