Nuacht
Cinneadh Fiosrúcháin agus tráchtaireacht margaidh i ndáil le Fiosrúchán INBS foilsithe ag an mBanc Ceannais
21 Bealtaine 2025
Preas Ráiteas

Tá an Cinneadh i Scríbhinn ón bhFiosrúchán i leith INBS foilsithe ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais inniu mar aon le tráchtaireacht margaidh ar an toradh.
Dícháilíodh iarchomhalta de bhord feidhmiúcháin INBS, an tUasal John Stanley Purcell, chun baint a bheith aige le bainistíocht aon soláthraí rialáilte seirbhísí airgeadais, ordaíodh dó pionós €130,000 a íoc agus tugadh iomardú dó as a iompar. Déanfaidh an Banc Ceannais iarratas chun na hArd-Chúirte chun an Cinneadh ón bhFiosrúchán a dheimhniú, mar a cheanglaítear leis an dlí, agus ní bheidh éifeacht leis mura ndéantar é a dheimhniu.
Deir Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, Gabriel Makhlouf, an méid seo a leanas: “Le foilsiú an Chinnidh ón bhFiosrúchán inniu, tugtar chun críche gníomh tábhachtach forfheidhmiúcháin a rinne an Banc Ceannais ar mhaithe le leas an phobail. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh iombhagairt inchreidte forfheidhmiúcháin ann i gcás gnólachtaí agus daoine aonair a bhriseann na rialacha sa chaoi go gcosnófar tomhaltóirí agus cobhsaíocht an chórais airgeadais agus chun go mbeidh muinín ag an bpobal i seirbhísí airgeadais.
Leis na smachtbhannaí arna bhforchur ag an bhFiosrúchán agus trí na socraíochtaí le INBS agus daoine aonair, léirítear an ról tábhachtach atá ag sealbhóirí ról sinsearach agus comhaltaí boird sa tionscal airgeadais. Leis an gCinneadh ón bhFiosrúchán, léirítear an iarmhairt thromchúiseach a bhíonn ag mainneachtain ar leibhéal boird agus múinítear ceachtanna do shealbhóirí ról sinsearach sa tionscal seirbhísí airgeadais. Tá sé ríthábhachtach go nglacfaidh sealbhóirí na ról lárnach seo freagracht as bainistíocht éifeachtach riosca agus rialachas láidir agus go stiúrfaidh siad iad.
“Is gné lárnach de chóras forfheidhmiúcháin an Bhainc Ceannais é, agus lenár gcumas chun socraíochtaí a bhaint amach faoin Nós Imeachta um Smachtbhanní, tuigfidh gnólachtaí agus daoine aonair go n-imscrúdóidh an Banc Ceannais fianaise maidir le sáruithe agus go dtionscnófar Fiosrúchán iomlán, más gá agus mar a bhí i gceist sa chás seo. Cé gur annamh a bhainimid úsáid as na cumhachtaí seo, ní bheidh drogall orainn déanamh amhlaidh más gá. Le linn dúinn déanamh amhlaidh, glacaimid leis go mbíonn torthaí éiginnte i gceist agus go bhféadfar agóid a dhéanamh inár n-aghaidh. Creidimid gurb é ár ról, mar rialtóir an chórais airgeadais, riosca a ghlacadh i gcás ina gá. Le linn an Fhiosrúcháin seo, rinneamar breithniú ar na ceachtanna a bhí á bhfoghlaim againn agus chuireamar feabhsauithe ar ár bpróiseas inmheánacha imscrúdúcháin agus fiosraithe. Léirítear fad (15 bliana) agus castacht an imscrúdaithe agus an Fhiosrúcháin sna costais a bhain leo, lena n-áirítear an obair fhairsing a rinneadh chun na fíricí a aimsiú i líon mór doiciméad agus san fianaise ó fhínnéithe, agus an gá leis an gcreat reachtúil a chosaint i bhfianaise dúshláin chúirte ó dhaoine a raibh Imscrúdú á dhéanamh orthu. De thoradh na gceachtanna a foghlaimíodh, rinneadh athruithe ar an gcreat reachtach lenar tugadh isteach éifeachtúlachtaí agus cosaintí breise, lena n-áirítear an Creat Cunasaíochta Aonair.
Leanfaidh an Banc Ceannais d’úsáid a bhaint as a chuid cumhachtaí go léir chun na rialacha atá i bhfeidhm a fhorfheidhmiú d’fhonn tomhaltóirí, sláine ár gcuid margaí agus cobhsaíocht an chórais airgeadais a chosaint.”
CRÍOCH