Cartlann Bhanc Ceannais na hÉireann
Insíonn Cartlann Bhanc Ceannais na hÉireann scéal faoin bhforbairt agus dul chun cinn eacnamaíoch in Éirinn, faoi bhunú agus dhearadh an airgeadra Éireannaigh, faoi na seirbhísí a chuirimid ar fáil don phobal Éireannach agus idirnáisiúnta, agus faoi obair laethúil an Bhainc Ceannais. Téann na taifid is luaithe siar go dtí 1786.
Cuimsítear an méid seo a leanas inár gcuid bailiúchán cartlainne:
- 12,000+ comhad páipéir
- 2,000+ foilseachán de chuid an Bhainc Ceannais
- 4,000+ mír fhótagrafach
- 560+ plean agus líníocht ailtireachta
- 250+ mórleabhar ceangailte
- Déantáin éagsúla a bhaineann leis na gnéithe go léir de stair an Bhainc Ceannais agus dá chuid oibre.
- Ábhair a bhaineann le Coimisiún an Airgid Reatha (réamhtheachtaí Bhanc Ceannais na hÉireann arna bhunú in 1943), leis an Commercial Buildings Company, agus le foirgnimh eile a bhí ar úinéireacht ag an mBanc.
Baineann an-tábhacht le taifid Bhanc Ceannais na hÉireann ní hamháin chun críocha taighde eacnamaíoch ach chun críocha taighde ailtireachta, polaitíochta, staire, gnó agus sóisialta chomh maith, agus baineann tábhacht leo dá bhfoireann.
Déantar na taifid a eagrú de réir Rannáin, sa chaoi go bhfreagraítear do struchtúr eagraíochtúil an Bhainc, ach tá na heisceachtaí seo a leanas ann: páipéir de chuid Choimisiún an Airgid Reatha; bailiúchán de chuid an Commercial Buildings Company; bailiúchán na ngrianghraf; bailiúchán na líníochtaí agus na bpleananna ailtireachta; agus bailiúchán na ndéantán.
Tabhair cuairt ar gCatalóg na Cartlainne.
Tabhair Cuairt ar an gCartlann
- Tá an Chartlann ar oscailt Máirt-Aoine, ó 10am go dtí 4pm.
- Ní mór coinní a dhéanamh 48 uair an chloig roimh ré sa chaoi go mbeidh dóthain ama againn na doiciméid a ullmhú. Iarraimid ar thaighdeoirí, áfach, coinne a dhéanamh a luaithe is féidir roimh ré.
- Chun coinne a dhéanamh, roghnaigh an t-ábhar ar mian leat breathnú air ón gcatalóg (trí úsáid a bhaint as an táb “Roghnúchán”) agus iarrfar ort ansin coinne a dhéanamh. Nó is féidir leat ríomhphost a chur chuig [email protected]
- A luaithe a dheimhneofar do choinne, gheobhaidh tú ríomhphost ina mbeidh na sonraí maidir leis an gcuairt (dáta, am, suíomh) mar aon le treoracha maidir le seiceáil isteach.
- Sula dtabharfaidh tú cuairt ar an gCartlann den chéad uair, ní mór duit dhá fhoirm chéannachta a chur ar fáil - céannacht fhótagrafach (e.g. pas nó ceadúnas tiomána) agus ceann eile mar chruthúnas ar sheoladh buan (e.g. bille fóntais).
Teagmháil
Guthán: +353 (0)1 224 6193
Guthán: +353 (0)1 224 6098
- Sula mbreathnóidh taighdeoirí ar aon ábhar cartlainne, ní mór dóibh foirm chláraithe léitheora a chomhlánú, ina leagtar amach téarmaí agus coinníollacha na Cartlainne.
- Ceadaítear do thaighdeoirí na rudaí seo a leanas a thabhairt isteach sa Seomra Léitheoireachta: ceamara; ríomhaire glúine; táibléad (iPad etc.); leathphraitinn; peann luaidhe.
- Ceadaítear do thaighdeoirí grianghraif a ghlacadh d’ábhar cartlainne.
- Tá ríomhaire deisce ar fáil do thaighdeoirí sa seomra léitheoireachta.
- Tá Wi-Fi ar fáil.