Gearáin faoi Bhanc Ceannais na hÉireann

Tá Cairt Custaiméirí ag an mBanc Ceannais ina leagtar amach cineál agus leibhéil na seirbhísí ar féidir le custaiméirí bheith ag súil leo nuair a bheidh siad ag plé leis na seirbhísí poiblí éagsúla a chuireann an Banc Ceannais ar fáil. Mar a luaitear sa Chairt, tá nós imeachta maidir le gearáin i bhfeidhm chun cabhrú le duine den phobal/custaiméir de chuid an Bhainc Ceannais a míshástacht a chur in iúl i ndáil le seirbhís atá faighte acu ón mBanc Ceannais, agus/nó i dtaca leis an teagmháil a bhí acu leis an mBanc Ceannais. Is féidir gearáin a dhéanamh leis an mBanc Ceannais faoinár Nós Imeachta Láimhseála Gearán. 

Conas gearán a dhéanamh faoin mBanc Ceannais

Ar an gcéad dul síos, ba cheart gearán a chur faoi bhráid an réimse gnó lena mbaineann an gearán.

I gcás nach mbeidh Gearánach cinnte faoin réimse gnó lena mbaineann an gearán, is féidir an gearán a chur chuig Oifigeach Gearán an Bhainc Ceannais (an tOifigeach Gearán).

R-phost: [email protected]

Uimhir Ghutháin: +353 1 224 6000
An tOifigeach Gearán
An Rannán um Rialachas Inmheánach
Banc Ceannais na hÉireann
Bosca PO 559
Sráid Wapping Nua
Cé an Phoirt Thuaidh
Baile Átha Cliath 1

Gearán a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ar líne.  

I gcás ina bhfaighfear gearán ar an nguthán, féadfar go n-iarrfar ar Ghearánaigh an gearán a dheimhniú i scríbhinn.

Má tá gearán á dhéanamh agat leis an mBanc Ceannais, déan cinnte go gcuireann tú an t-eolas seo a leanas ar fáil:

  1. D’ainm agus do shonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist, seoladh poist nó uimhir ghutháin)
  2. Réimse gnó/feidhme nó duine lena rabhthas ag plé (más cuí) 
  3. Dátaí/amlíne ábhartha
  4. Sonraí an ghearáin
  5. Cibé acu an ndearna tú gearán leis an mBanc Ceannais roimhe seo ar an ábhar seo agus, má rinne, sonraí an ghearáin 

Próiseas Gearán

Tá gearrchuntas den phróiseas gearán agus den chaoi ina n-oibríonn sé le fáil sa Nós Imeachta Láimhseála Gearán. Go hachomair, tá trí chéim ann:

  • Céim 1 - Measúnú/Próiseáil Gearáin ag an Réimse Gnó - is ag an leibhéal áitiúil a fhéachfar le gearán a réiteach ar an gcéad dul síos.  
  • Céim 2 - Má tá Gearánach míshásta leis an bhfreagairt a fhaightear ón réimse gnó, is féidir iarratas ar imscrúdú a chur faoi bhráid an Oifigigh Gearán.
  • Céim 3 - Má tá Gearánach fós míshásta le toradh an imscrúdaithe, is féidir iarratas ar achomharc a chur faoi bhráid an Oifigigh Gearán.  Breithneoidh ball foirne níos sinsearaí aon iarratais ar achomharc agus ceapfar athbhreithneoir neamhspleách i gcás ina measfar go bhfuil údar leis an achomharc.

Aon ghearáin a mheasfar a bheith lasmuigh de raon feidhme an Nós Imeachta Láimhseála Gearán, déileálfaidh an réimse gnó ábhartha leo agus cuirfear é sin in iúl dá réir sin do na Gearánaigh.

Amlínte chun Gearán a Mheasúnú

  • Admhóimid laistigh de chúig lá oibre go bhfuarthas gearán.
  • Déanfaimid ár ndícheall do ghearán a mheasúnú agus freagra a eisiúint laistigh de 40 lá oibre ón ngearán bunaidh a fháil.
  • Mura mbeimid ábalta ár measúnú a chríochnú laistigh den amscála seo, tabharfaimid eolas chun dáta duit maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh, mar aon le hamscála measta chun an measúnú a chur i gcrích.

Nós Imeachta Láimhseála Gearán faoin Acht um Míchumas

Chomh maith leis sin, tá Nós Imeachta Láimhseála Gearán faoin Acht um Míchumas ag an mBanc Ceannais i gcomhréir le treoir ón Údarás Náisiúnta Míchumais.

Féach freisin:

Gearán a dhéanamh faoi Sholáthraí Seirbhísí Airgeadais