Forbhreathnú

Cibé acu atá cónaí ort i gcathair nó i ceantar tuaithe, tá Banc Ceannais na hÉireann ag iarraidh a chinntiú go mbeidh airgead tirim ar fáil go héasca mar mhodh íocaíochta. 

B’fhéidir go síleann tú nach bhfuil rochtain sách maith agat ar sheirbhísí airgid i do cheantar.  Áirítear ar sheirbhísí airgid:

  • ATManna
  • Pointí Seirbhíse Airgid (áit ar féidir leat nótaí bainc agus monaí a aistarraingt nó a thaisceadh, agus ina mbíonn cúnamh ar fáil do dhaoine a thagann isteach).

Is é is aidhm don reachtaíocht um Rochtain ar Airgead Tirim a chinntiú go bhfuil rochtain leormhaith, éifeachtach ar airgead tirim bunaithe ar na leibhéil a bhí ann i mí na Nollag 2022. Tugann ár gcuid sonraí le fios go bhfuil bonneagar airgid thirim na hÉireann ag teacht, a bheag nó a mhór, leis na leibhéil sin agus leis na critéir atá leagtha amach sa reachtaíocht.


Mar sin, cé go bhféadfadh go mbeadh deacrachtaí áitiúla ann maidir le rochtain ar airgead, ní hé is aidhm don reachtaíocht leibhéal na seirbhísí airgid in Éirinn a ardú ach, ina ionad sin, féachtar lena chinntiú go mbeidh rochtain leormhaith, éifeachtach orthu ar fud na tíre. Dá bhrí sin, ní bheidh ATM nó pointí seirbhíse airgid de dhíth i ngach áit in Éirinn.

Sula líonann tú isteach ár bhfoirm maidir le heasnamh áitiúil: 


1. Seiceáil ár Léarscáil Rochtana Airgid chun a fháil amach cá bhfuil seirbhísí airgid ar fáil i do cheantar. 


2. Léigh ár bpróiseas measúnaithe agus ár dteoirlínte chun tuiscint a fháil ar a bhfuil i gceist le rochtain réasúnta, éifeachtach ar sheirbhísí airgid, agus ar an gcaoi a ndéanann an Banc Ceannais measúnú ar fhógraí agus a chuid cinntí a ghlacadh.


Má tá do chuid seiceálacha déanta agat agus má shíleann tú fós go bhfuil gá le tuilleadh ATManna nó pointí seirbhíse airgid i do cheantar, líon isteach ár bhfoirm maidir le heasnamh áitiúil, le do thoil, leis an oiread eolais agus is féidir leat (ní fhoilseoimid aon sonraí pearsanta leat). 


Léarscáil Rochtana Airgid

Aimsigh ATManna agus pointí seirbhíse airgid i do cheantar.

Ár bPróiseas Measúnaithe agus Treoirlínte

A bhfuil le cur san áireamh sula dtugann tú fógra maidir le heasnamh áitiúil.

Foirm maidir le hEasnamh Áitiúil

Cuir in iúl dúinn má tá gá le tuilleadh ATManna nó pointí seirbhíse airgid i do cheantar.

Rochtain ar Airgead Tirim - Don lá atá inniu ann. Don lá amárach. Don todhchaí.