Ár bPróiseas Measúnaithe & Treoirlínte

Más mian leat fógra a thabhairt do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le heasnamh áitiúil ATManna nó pointí seirbhíse airgid i do cheantar, molaimid duit ár bpróiseas measúnaithe agus ár dtreoirlínte a léamh ar dtús.

Próiseas Measúnaithe maidir le hEasnamh Áitiúil 

Líon isteach an fhoirm maidir le heasnamh áitiúil (nó cuir glaoch orainn) agus tabhair sonraí faoin gceantar ina bhfuil tú agus cén fáth a síleann tú go bhfuil easnamh airgid thirim i do cheantar.  Má tá cúnamh de dhíth ort leis an bhfoirm a líonadh isteach, cuir glaoch orainn ar 0818 681 681 nó +353 (0)1 224 5800.

Tar éis duit an fhoirm a chur chugainn, gheobhaidh tú ríomhphost deimhnithe ina mbeidh d’uimhir thagartha ar leith. 

Laistigh de dhá sheachtain, foilseoimid taifead de d’fhógra maidir le do cheantar áitiúil, mar aon le d’uimhir thagartha ar leith. 

A luaithe a bheidh d’fhógra tugtha dúinn, seiceálfaimid an t-eolas atá curtha ar fáil agat lena a chinntiú go bhfuil gach rud ann. Tá eolas fiúntach, ábhartha á lorg againn i dtaobh cén fáth a síleann tú nach bhfuil rochtain sách maith ar airgead tirim i do cheantar, agus i dtaobh cén fáth nach bhfreastalaíonn ATManna nó pointí seirbhíse airgid atá ann cheana féin ar do chuid riachtanas. Tá an t-eolas áitiúil atá agat tábhachtach agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag iarraidh ort a oiread eolais agus is féidir a chur ar fáil. Má tá níos mó sonraí uainn, beimid i dteagmháil leat agus míneoimid cad eile atá uainn.

Nuair a dhéanfaimid measúnú ar d’fhógra, beimid ag díriú ar cheist amháin:  An bhfuil rochtain neamhleor ar ATManna nó ar phointí seirbhíse airgid i do cheantar?
Ní bhímid ag breathnú ar áit amháin aisti féin. Ina ionad sin, déanaimid measúnú ar an gcaoi ina bhfreastalaíonn an creat airgid ar do cheantar agus ar an bpobal i gcoitinne. Nuair a dhéanfaimid measúnú ar cheantar, cuirfimid na nithe seo a leanas san áireamh:

  • an daonra agus na saoráidí atá sa cheantar
  • ceantair eile ina aice láimhe
  • pictiúr iomlán den rochtain ar airgead tirim
  • cé chomh gar is atá na seirbhísí sin don phobal áitiúil.

Níl ATM nó pointe seirbhíse airgid dá chuid féin ag teastáil i ngach ceantar chun go mbeidh rochtain leormhaith ann. Leis an gcur chuige níos leithne seo, cinntítear go léireofar sa mheasúnú an tseirbhís atá ar fáil do dhaoine agus don phobal mórthimpeall.

Chomh maith leis sin, breathnóimid ar an gcineál pobail atá i gceist, mar beidh bonneagar airgid thirim éagsúil ag teastáil ag brath ar cé acu de na ceantair seo a leanas atá i gceist:

  • Uirbeach
  • Fo-uirbeach
  • Tuaithe

Tá a chuid saintréithe agus dúshlán féin ag gach pobal. Trí na nithe seo a chur san áireamh, déanfaimid cinnte go léireofar inár measúnú cé chomh maith agus atá an rochtain ar airgead tirim ag obair don phobal áirithe sin. Breathnóimid ar thosca éagsúla agus ar nithe atá ábhartha don staid áitiúil sa cheantar ina bhfuil tú. Trí bhreathnú ar na tosca ábhartha go léir, is féidir linn léargas mionsonraithe a fháil ar do cheantar áitiúil. 

Tar éis ár measúnú a chur i gcrích, tiocfaimid ar cheann de na tuairimí seo a leanas:

  • Go bhfuil easnamh áitiúil ann

Níl seirbhísí nó saoráidí airgid thirim ar fáil laistigh d’achar réasúnach ná níl rochtain sách maith ag an bpobal ar airgead tirim.  

  • Nach bhfuil easnamh áitiúil ann

Cé go bhféadfaidh go bhfuil míchaoithiúlacht ann, ní bhíonn tionchar suntasach ag an easnamh ar an bpobal agus tá seirbhísí agus saoráidí airgid atá oiriúnach do riachntanais an phobail ar fáil laistigh d’achar réasúnach.

Má fheictear dúinn go bhfuil easnamh áitiúil ann, ansin déanfaimid measúnú ar an méid seo a leanas: An mbeadh sé iomchuí agus comhréireach é a réiteach?

Is iad seo a leanas roinnt de na rudaí a ndéanaimid measúnú orthu:

  • An fadhb shealadach atá i gceist agus an dócha go réiteofar í gan idirghabháil.
  • An bhfuil bonneagar nua airgid thirim beartaithe do do cheantar cheana féin.
  • Aon nithe eile a thiocfaidh chun cinn, ar nithe ábhartha iad i dtuairim an Bhainc Ceannais.
 

Cuirfimid toradh an mheasúnaithe sin in iúl duit a luaithe a bheidh sé curtha i gcrích againn (8-12 seachtain, de ghnáth). Foilseoimid nuashonruithe stádais i leith na bhfógraí uile a gheofar.

Rochtain ar Airgead Tirim - Don lá atá inniu ann. Don lá amárach. Don todhchaí.