An Gníomh Eorpach Inrochtaineachta 

Is dlí AE é an Gníomh Eorpach Inrochtaineachta (EAA) atá ceaptha táirgí agus seirbhísí a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas.  

Féachann EAA le hinrochtaineacht táirgí agus seirbhísí inrochtana a mhéadú do dhaoine atá faoi mhíchumas, agus leis na ceanglais inrochtaineachta maidir leis na táirgí agus seirbhísí sin a neartú, i ngach cás inar féidir sin. 

Ciallaíonn inrochtaineacht go seachnófar agus go gcuirfear deireadh le constaicí a chruthaíonn fadhbanna do dhaoine atá faoi mhíchumas maidir le húsáid na dtairgí agus seirbhísí sin, trí chur chuige “dearadh do chách” a úsáid.  

Níl EAA teoranta do sheirbhísí airgeadais amháin ach tá feidhm aige maidir le hearnálacha eile, amhail ríomhthráchtáil, iompar, sruthú meán agus cúram sláinte freisin. Tá feidhm ag EAA maidir le haicmí éagsúla táirgí agus seirbhísí, seirbhísí baincéireachta do thomhaltóirí san áireamh.  Áirítear ar na seirbhísí sin comhaontuithe morgáiste nó iasachta, agus seirbhísí íocaíochta.

Tá Banc Ceannais na hÉireann freagrach as formhaoirsiú a dhéanamh ar ghnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí baincéireachta do thomhaltóirí, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa, institiúidí íocaíochta, institiúidí airgid leictreonaigh, comhair chreidmheasa, gnólachtaí infheistíochta MiFID agus idirghabhálaithe miondíola.

Tá feidhm ag EAA maidir le seirbhísí baincéireachta faoi raon feidhme do thomhaltóirí, ar seirbhísí iad arna soláthar in Éirinn an 28 Meitheamh 2025 nó dá éis.

Cén tábhacht atá EAA do thomhaltóirí?

Ón 28 Meitheamh 2025, ceanglaíonn an Gníomh Eorpach Inrochtaineachta agus na Rialacháin ar ghnólachtaí a gcuid seirbhísí agus táirgí a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

Gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí faoi raon feidhme, ní mór dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Faisnéis a chur ar fáil maidir leis an gcaoi ina bhfuil an tseirbhís inrochtanaIs gá é seo a dhéanamh i bhformáid scríofa agus i bhformáid ó bhéal, ar bhealach atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
  • Ba cheart an fhaisnéis seo a áireamh sna téarmaí agus coinníollacha ginearálta, nó in aon doiciméad comhionann.A chinntiú go ndéantar gach suíomh gréasáin, aip, agus seirbhís mhóibíleach a fhorbairt ar bhealach:
    • inar féidir le tomhaltóirí an t-ábhar a bhrath (a fheiceáil nó a chloisint)
    • inar féidir le tomhaltóirí iad a oibriú agus a nascleanúintina mbeidh sé éasca an t-ábhar a tuiscint
    • ina mbeidh an teicneolaíocht iontaofa
    • ina n-oibreoidh sí ar ardáin agus ar ghléasanna éagsúla.





 









Ní mór do ghnólachtaí faoi raon feidhme faisnéis shoiléir, intuigthe a chur ar fáil maidir leis an méid seo a leanas:

  • An chaoi ina n-oibríonn seirbhís
  • An chaoi ina bhfuil na táirgí a úsáidtear sa tseirbhís nasctha léi
  • Cé chomh hinrochtana is atá na táirgí sin
  • Cibé acu an oibríonn na táirgí le gléasanna cúnta (amhail léitheoirí scáileáin nó taispeáintí braille)

Maidir leis an bhfaisnéis sin:

  • Is gá go gcuirfear ar fáil í i bhformáidí iomadúla - amhail téacs, fuaim, nó fís - sa chaoi go mbeidh daoine a bhfuil riachtanais éagsúla acu ábalta rochtain a fháil uirthi
  • Is gá go mbeidh sí sothuigthe – úsáidtear teanga shimplí agus seachnaítear béarlagair Inbhraite  – sa chaoi go mbeidh tomhaltóirí ábalta í a fheiceáil nó a chloisint go soiléir
  • Is gá go gcuirfear ar fáil í i bhformáidí téacs sa chaoi go mbeidh daoine ábalta í a thiontú go héasca chuig formáidí eile - amhail braille, cló mór, nó fuaim
  • Is gá go gcuirfear í i láthair i gcló atá sách mór chun go mbeidh tomhaltóirí ábalta í a léamh go héasca i dtimpeallachtaí éagsúla 
  • Is gá go gcuirfear ar fáil í le cur síos téacs nó fuaime má úsáidtear íomhánna, físeáin, nó ábhar neamhthéacs eileIs gá go mbeidh sí deartha ar chaoi go mbeidh sé éasca í a fheiceáil, a nascleanúint, agus a thuiscint, agus go n-oibreoidh sí go seasmhach ar ghléasanna éagsúla. 












  • I gcás ina n-úsáideann gnólacht táirgí chun seirbhís a chur ar fáil, is gá go mbeidh na táirgí sin deartha ar bhealach go mbeidh daoine faoi mhíchumas in ann iad a úsáid go héasca.

Gnólachtaí a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fáil (amhail ionad glaonna, deasc chabhrach, nó tacaíocht theicniúil), ní mór dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • A chinntiú gur féidir le tomhaltóirí teagmháil a dhéanamh leo ar bhealaí inrochtana (e.g.  bealach eile seachas an fón i gcás daoine atá bodhar nó nach bhfuil an éisteacht go maith acu)
  • Faisnéis a thabhairt maidir le cé chomh hinrochtana is atá a gcuid seirbhísí
  • Mínigh conas a oibríonn a gcuid seirbhísí le teicneolaíocht chúnta (amhail léitheoirí scáileáin nó áiseanna éisteachta)

Ról Bhanc Ceannais na hÉireann agus EAA

Tá Banc Ceannais na hÉireann freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar ghnólachtaí a chuireann seirbhísí baincéireachta ar fáil do thomhaltóirí. Dá bhrí sin, faoi EAA, agus i ndáil le seirbhísí baincéireachta do thomhaltóirí, táimid freagrach as an méid seo a leanas:


  • Comhlíonadh na rialachán a mhaoirsiú - a chinntiú go mbíonn ceanglais inrochtaineachta EAA á leanúint ag institiúidí creidmheasa, soláthraithe íocaíochta, agus gnólachtaí airgeadais eile 
  • Caighdeáin a fhorfheidhmiú - gníomhaíocht a ghlacadh má mhainníonn gnólachtaí oibleagáidí inrochtaineachta a chomhlíonadh
  • Faisnéis a thabhairt do thomhaltóirí trínár suíomh gréasáin maidir lenár ról i leith EAA.

    Tugtar éifeacht do EAA i ndlí na hÉireann le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Ceanglais Inrochtaineachta maidir le Táirgí agus Seirbhísí) 2023 (Rialacháin EAA) (I.R. Uimh. 636 de 2023). Is í an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige atá freagrach as cur chun feidhme náisiúnta EAA.

Gearán a dhéanamh

 

Tuilleadh Faisnéise


Má tá aon fhaisnéis ar an leathanach seo ag teastáil uait i bhformáid inrochtana mhalartach, cuir ríomhphost chuig  [email protected], le do thoil.