Athscríbhinn den téacs san fhíseán "An féidir leat caimiléir a aithint?"
Tá modhanna sofaisticiúla ag caimiléirí chun iarracht a dhéanamh do chuid airgid agus sonraí pearsanta a fháil.
I measc na modhanna sin, tá suíomhanna gréasáin bréige, fógraí ar na meáin shóisialta, téacsanna, glaonna gutháin agus ríomhphoist.
Seans go ndéanfaidh caimiléirí iarracht a áiteamh ort táirge airgeadais a cheannach nó airgead a infheistiú.
Nó, b’fhéidir go ngeallfaidh siad iasacht duit nó go molfaidh siad duit polasaí árachais saor a cheannach - ach i ndáiríre is polasaí bréige é.
Má fhaigheann tú téacs, glao gutháin nó ríomhphost gan choinne, déan tástáil SAFE.
S – Stop
Stop, smaoinigh & ceistigh:
Cad atá á thairiscint ag an ngnólacht seo? Cé atá ag déanamh teagmháil liom? Cá bhfuair siad mo shonraí teagmhála? An amhlaidh gur camscéim é seo?
A – Athbhreithnigh
Athbhreithnigh an t-eolas atá á thabhairt duit agus seiceáil cláir ar líne Bhanc Ceannais na hÉireann chun a fháil amach an gnólacht údaraithe é.
Fiú má dhealraíonn sé go bhfuil an gnólacht údaraithe, déan cinnte gur gnólacht dílis é agus nach bhfuil sonraí fíorghnólachta cóipeáilte aige.
F – Fíricí a sheiceáil
Seiceáil fíricí na tairisceana. Ná tabhair sonraí pearsanta nó ná seol airgead mura bhfuil tú sásta gur gnólacht údaraithe dílis é.
E – É a nochtadh agus a thuairisciú
Is féidir leat caimiléirí a nochtadh ach iad a thuairisciú dúinne.
Tá cumhachtaí againn chun imscrúdú a dhéanamh agus beart a dhéanamh in aghaidh calaoiseoirí airgeadais.
Cuimhnigh: ní dhéanfaidh an Banc Ceannais teagmháil leat chun airgead, sonraí
pearsanta nó uimhir PSP a lorg uait.