An Cód um Chosaint Tomhaltóirí - Árachas

Seans go mbeidh ort cineál éigin táirge árachais a cheannach ag am éigin i do shaol.

Faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí, cuirtear go leor cosaintí ar fáil do thomhaltóirí nuair a bhíonn árachas á cheannach nó á athnuachan acu.

Árachas a Cheannach


Nuair a bheidh árachas cairr nó tí á cheannach agat, ní mór don soláthraí:

• Fógra athnuachana a thabhairt duit ar a laghad 20 lá oibre sula dtéann do pholasaí i léig.

• Fógra réamh-athnuachana a thabhairt duit ionas gur féidir leat an margadh is fearr a chuardach más mian leat

• Tairiscint a chur ar fáil duit maidir le gach rogha polasaí atá ar fáil 


• Míniú a thabhairt má táthar ag diúltú tairiscint a chur ar fáil duit, agus tú a chur ar an eolas maidir le do cheart achomharc a dhéanamh chuig Coiste na gCásanna Diúltaithe. 

• Cáipéisíocht iomlán an pholasaí a chur chugat laistigh de chúig lá ó chuirtear an t-árachas ar fáil.

• Agus, i gcás árachas cairr amháin, sonraí a a chur ar fáil maidir leis na préimheanna a bhí agat roimhe seo. 

Árachas a Athnuachan

Cé go dtuigeann go leor daoine na buntáistí a bhaineann leis an margadh is fearr a chuardach, cinntíonn an Cód um Chosaint Tomhaltóirí go dtugtar cosaintí níos fearr do thomhaltóirí nuair a bhíonn árachas gléis, fiaclóireachta, peataí agus taistil á athnuachan acu.

Faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí, ní féidir leis an soláthraí do pholasaí a athnuachan go huathoibríoch mura roghnaíonn tú go sainráite é sin a dhéanamh.

Cinntíonn an Cód gur lú seans go mbeidh tú ag íoc as árachas nach bhfuil oiriúnach a thuilleadh do do chuid riachtanas ar leith. 

Agus bíonn sé níos éasca ortsa an margadh is fearr a chuardach chun an táirge is oiriúnaí nó is costéifeachtaí a aimsiú.

An Cód um Chosaint Tomhaltóirí: Ar mhaithe le soiléireacht, cinnteoireacht eolasach, agus ar mhaithe leatsa.