An Cód um Chosaint Tomhaltóirí: Táirgí & Seirbhísí Digiteacha
Is féidir go leor buntáistí a chur ar fáil do thomhaltóirí trí tháirgí agus seirbhísí a chur ar fáil trí chainéil dhigiteacha.
Beag beann ar an teicneolaíocht a úsáideann gnólachtaí chun teagmháil a dhéanamh le tomhaltóirí, ní mór dóibh oibleagáidí an Chóid um Chosaint Tomhaltóirí a chomhlíonadh. Ní mór d’ardáin dhigiteacha gnólachtaí seirbhísí airgeadais (amhail aipeanna agus suíomhanna gréasáin) leasanna tomhaltóirí a áirithiú.
Ciallaíonn sé sin an méid seo a leanas:
- I gcás aipeanna agus suíomhanna gréasáin a úsáideann gnólachtaí chun teagmháil a dhéanamh leat, ba cheart go mbeidís so-úsáidte agus go gcuirfidís torthaí seasmhacha, oibiachtúla ar fáil chun fónamh do do leas.
- Ba cheart go mbeadh treoir, tacaíocht agus cúnamh ar fáil duit nuair a bheidh ardán digiteach á úsáid agat chun seirbhís airgeadais nó táirge a fháil.
- Nuair a bheidh teicneolaíocht dhigiteach á húsáid acu, ní mór do ghnólachtaí a chinntiú nach mbeidh a gcuid táirgí, seirbhísí nó cleachtais rannpháirtíochta digití ceaptha chun iompraíochtaí, nósanna, roghanna, nó claontachtaí a shaothrú go héagórach ar bhealach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chustaiméirí.
An Cód um Chosaint Tomhaltóirí: Ar mhaithe le soiléireacht, cinnteoireacht eolasach, agus ar mhaithe leatsa.