Is soláthraí digiteach amháin é banc nó comhlacht seirbhísí airgeadais a oibríonn go hiomlán ar líne gan aon bhrainse fisiciúil ar féidir leat siúl isteach ann.
Má rinneadh calaois ort le linn duit soláthraí atá sa réimse digiteach amháin a úsáid, caithfear a bheith lánchinnte go ndéanfar gníomh ina leith ar an toirt.
Ní mór do ghnólachtaí próisis a bheith i bhfeidhm acu chun na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid airgeadais a mhaolú - calaoisí agus camscéimeanna san áireamh.
Is gá do ghnólachtaí freisin fógra a thabhairt duit ar mhodh tráthúil i gcás ina dtarlóidh aon mhí-úsáid airgeadais. Ní mór dóibh tú a chur
ar an eolas maidir leis na tacaíochtaí atá ar fáil duit agus na gníomhartha is féidir leatsa a dhéanamh i gcás calaoise nó camscéime.