An Cód um Chosaint Tomhaltóirí - Athrú Morgáiste 

Má tá morgáiste agat, seans go bhféadfá airgead a shábháil trí bhreathnú ar roghanna um athrú morgáiste le d’iasachtóir.  

Faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí, ní mór do d’iasachtóir an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Fógra a thabhairt duit, 60 lá sula mbeidh deireadh le morgáiste ráta sheasta, maidir le roghanna níos saoire morgáiste atá ar fáil duit

  • A chur in iúl duit más féidir leat athrú chuig morgáiste níos saoire bunaithe ar chothromas do thí
  • Meastachán pearsantaithe ar choigilteas (in euro) a thabhairt duit i dteannta gach rogha athmhaoiniúcháin morgáiste eile - taispeánfaidh sé seo duit an méid a d’fhéadfá a shábháil trí tháirge morgáiste éagsúil a roghnú.

  • Meabhrúchán sonrach a thabhairt duit maidir le roghanna athmhaoiniúcháin morgáiste idir ceithre seachtaine agus ocht seachtaine ón bhfógra tosaigh
  • Na buntáistí agus míbhuntáistí  a bhaineann le haon dreasachtaí morgáiste, amhail tairiscintí aisairgid, a mhíniú go soiléir duit

  • Ar iarratas uait, comparáid a thabhairt duit idir costas do mhorgáiste agus roghanna morgáiste eile atá ar fáil ón iasachtóir sin.
  • Gach eolas riachtanach a thabhairt duit maidir le hathrú chuig morgáiste eile, lena n-áirítear cá fhad a thógfaidh sé

  • Cinneadh maidir le d'iarratas ar athrú morgáiste a chur in iúl duit laistigh de 10 lá gnó tar éis d’iarratas comhlánaithe a fháil 
  • Gníomhais teidil maidir le do mhaoin a thabhairt do d'ionadaí dlíthiúil laistigh de 10 lá ó dháta an iarratais.  

An Cód um Chosaint Tomhaltóirí: Ar mhaithe le soiléireacht, cinnteoireacht eolasach, agus ar mhaithe leatsa.