An Cód um Chosaint Tomhaltóirí - Do Chearta

Tá freagracht ar ghnólachtaí seirbhísí airgeadais – bainc, cuideachtaí árachais, gnólachtaí infheistíochta agus bróicéirí san áireamh – cuidiú le tomhaltóirí cinntí eolasacha a dhéanamh maidir lena gcuid airgid.

Faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí, ní mór do ghnólachtaí leasanna custaiméirí a áirithiú agus iad a chur ar an eolas go héifeachtach. Chomh maith leis sin, ní mór do ghnólachtaí faisnéis leordhóthanach a bhailiú ó thomhaltóirí, agus a gcuid roghanna a chur san áireamh nuair a bhíonn measúnuithe oiriúnachta á n-ullmhú acu i dtaca le go leor táirgí agus seirbhísí.

Leagtar de fhreagracht ar ghnólachtaí seirbhísí airgeadais – bainc agus cuideachtaí árachais san áireamh – cuidiú leat cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le do chuid airgid. 

Nuair a bhíonn tú ag déileáil le gnólachtaí den sórt seo, ba cheart go gcuideoidh siad leat na táirgí agus seirbhísí a thuiscint. Ní mór do na gnólachtaí feidhmiú ar bhealaí a chuidíonn leat roghanna a dhéanamh a bheidh ag teacht le do chuid riachtanas nó aidhmeanna airgeadais. 

Mura bhfuil tú sásta leis an tseirbhís a chuirtear ar fáil, is féidir leat gearán a dhéanamh. Féach ar ár suíomh gréasáin chun tuilleadh eolais a fháil.

Leasanna Custaiméirí a Áirithiú

Is iad gnólachtaí atá brabúsach, athléimneach, dea-riartha agus dírithe ar thomhaltóirí, ar bhonn inbhuanaithe, is fearr a fhreastalaíonn ar leasanna custaiméirí.

Ba cheart go gcuirfeadh gnólachtaí seirbhísí airgeadais faisnéis shoiléir ar fáil d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Cuidiú leat na táirgí agus seirbhísí a bhfuil tú ag breathnú orthu a thuiscint
  • Tacú leat cinntí a dhéanamh
  • A chinntiú nach mbaineann siad leas as do nósanna, do roghanna nó do chlaontachtaí nádúrtha ar bhealach a d’fhéadfadh drochthorthaí a chruthú duit. 

Mar thomhaltóir, tá ceart agat na táirgí agus seirbhísí airgeadais a oireann do do riachtanais agus aidhmeanna airgeadais a roghnú.

Agus tú ag déileáil le soláthraithe seirbhísí airgeadais, ba cheart go gcuideofaí leat táirgí agus seirbhísí a thuiscint, agus ba cheart go ngníomhódh gnólachtaí ar bhealaí a thacaíonn leat roghanna a dhéanamh a oireann do do riachtanais agus do chuspóirí airgeadais.

Eolas a thabhairt go héifeachtach 

Leis an gCód um Chosaint Tomhaltóirí, tugtar Caighdeáin nua do Ghnóthaí isteach lena gceanglaítear ar ghnólachtaí eolas a thabhairt go héifeachtach dá gcustaiméirí ina nochtadh faisnéise agus ina gcumarsáidí. Ar an gcaoi sin, athraítear an bealach ina gcomhlíonann gnólachtaí a gcuid ceanglas maidir le nochtadh ó bhealach “ticeála boscaí” chuig bealach ina gcuirtear custaiméirí ar an eolas ar mhodh éifeachtach.

Cuireann an Cód de cheangal ar ghnólachtaí gníomhú ar mhaithe le leasanna tomhaltóirí, agus caitheamh go féaráilte agus go gairmiúil leo agus gníomhú go macánta agus go hionraic.  

Ní mór do ghnólachtaí seirbhísí airgeadais an méid seo a leanas a chinntiú maidir lena gcuid cumarsáidí - amhail téarmaí agus coinníollacha, agus ábhair mhargaíochta: 

  • Go bhfuil siad scríofa i dteanga shimplí, inrochtana - agus go seachnaíonn siad téarmaí neamhriachtanacha teicniúla 
  • Soiléir
  • Cruinn
  • Cothrom le dáta. 

Mar chustaiméir, ba cheart go bhfaighfeá faisnéis thráthúil, shoiléir, shothuigthe ó do sholáthraí seirbhísí airgeadais, agus go mbeadh an fhaisnéis sin saor ó bhéarlagair, sa chaoi go mbeidh tú ábalta cinntí eolasacha a dhéanamh agus an táirge nó an tseirbhís airgeadais a oireann do do riachtanais a roghnú.  

Má tá faisnéis ann faoin táirge nó faoin tseirbhís nach dtuigeann tú, ba cheart do do sholáthraí seirbhíse airgeadais tacú leat tuiscint iomlán a shealbhú ar ghnéithe an táirge.

Measúnuithe Oiriúnachta 

Ceanglaítear ar ghnólachtaí seirbhísí airgeadais faisnéis leordhóthanach ó thomhaltóirí a bhailiú agus a thaifeadadh sula ndéanfaidh siad táirge nó seirbhís a bheidh oiriúnach don tomhaltóir sin a thairiscint, a mholadh, a eagrú nó a chur ar fáil dóibh. Is gá go mbeidh leibhéal na faisnéise a bhaileofar ag teacht le cineál agus castacht na seirbhíse airgeadais atá á lorg ag an tomhaltóir agus áireofar inti sonraí maidir leis an méid seo a leanas: 

  • Riachtanais agus cuspóirí na dtomhaltóirí (cén fáth a bhfuil an táirge nó an tseirbhís seo de dhíth ort? Cad atá uait ón táirge nó ón tseirbhís seo? Cé chomh fada agus a bheidh an táirge nó an tseirbhís seo de dhíth ort?)
  • Imthosca pearsanta (aois, sláinte, eolas/taithí ar an gcineál táirge nó seirbhíse seo, cleithiúnaithe, stádas fostaíochta, imthosca athraitheacha)
  • Staid airgeadais (foinsí ioncaim, coigilteas, iasachtaí reatha nó táirgí airgeadais eile, oibleagáidí airgeadais)
  • Fonn riosca agus, más iomchuí, an tábhacht a bhaineann le hurrús caipitil don tomhaltóir (an mbeifeá sásta do chaipiteal a chur faoi riosca?)

A luaithe a bheidh an fhaisnéis seo bailithe ag an ngnólacht, ullmhóidh sé measúnú oiriúnachta.

Tugann measúnú oiriúnachta cosaint duit ar na bealaí seo a leanas:

  • A chinntiú nach ndíoltar rud éigin leat atá mí-oiriúnach duit nó a mbaineann riosca ró-ard leis do do chuid imthosca ar leith
  • A chinntiú go dtuigeann tú an rud atá á cheannach agat
  • A chinntiú go bhfuil an táirge nó na seirbhísí ag freastal ar do chuid riachtanas
  • A chinntiú nach bhfuil tú ag íoc as gnéithe nach bhfuil de dhíth ort.

Inbhuanaitheacht

Ceanglaítear ar ghnólachtaí roghanna oiriúnachta tomhaltóirí a chur san áireamh nuair a bheidh measúnuithe oiriúnachta á ndéanamh acu. Mar shampla, más mian leat go rachaidh d’infheistíocht chun tairbhe don timpeallacht, b’fhéidir gurbh fhearr leat infheistíocht a dhéanamh i gcuideachtaí atá tiomanta do chúiseanna timpeallachta (e.g. astaíochtaí carbóin a ísliú, acmhainní nádúrtha a chaomhnú, nó truailliú a laghdú).

Tá ceanglas ar ghnólachtaí sa Chód um Chosaint Tomhaltóirí a chinntiú nach gcuirfidh a bhfógraíocht custaiméirí amú maidir le gnéithe inbhuanaitheachta táirge nó seirbhíse, maidir le “dintiúir ghlasa” an ghnólachta féin, nó maidir lena shamhail ghnó. Leis seo, cinntítear go gcuirtear táirgí inbhuanaithe i láthair do chustaiméirí ar mhodh cruinn, cothrom d’fhonn an riosca maidir le “glas-snasú” a sheachaint i.e. go mbeidh cuma níos inbhuanaithe ar ghnólacht, ar tháirge nó ar sheirbhís ná mar atá i ndáiríre.

An Cód um Chosaint Tomhaltóirí: Ar mhaithe le soiléireacht, cinnteoireacht eolasach, agus ar mhaithe leatsa.