An Cód um Chosaint Tomhaltóirí - Imthosca Leochaileacha

Tarlaíonn sé uaireanta go mbíonn imthosca leochaileacha ag gabháil do thomhaltóirí ar go leor cúiseanna éagsúla. D'fhéadfadh saincheisteanna sláinte, imeachtaí saoil nó easpa cumais a bheith i gceist leo sin. Aon imthoisc a fhágann gur mó an seans go mbeidh torthaí níos measa ag tomhaltóir, d’fhéadfadh sí an duine sin a fhágáil leochaileach. Féadfaidh daoine aonair bogadh isteach agus amach as imthosca leochaileacha mar gheall ar mhéala, caillteanas poist, cliseadh caidrimh, drochshláinte nó ar chúiseanna eile.

Faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí, ní mór do ghnólachtaí bearta réasúnta a dhéanamh chun tacú leat agus tú ag déileáil leo má tá imthosca leochaileacha ag gabháil duit, agus ní mór dóibh foireann chuí-oilte a bheith acu chun é sin a dhéanamh.

Má tá imthosca leochaileacha ag gabháil duit, ní mór do ghnólachtaí tacaíochtaí breise a chur ar fáil duit i gcás ina mbeidh siad de dhíth ort agus nuair a bheidh siad de dhíth ort. Is féidir leat Teagmhálaí Iontaofa a ainmniú chuig do sholáthraí seirbhísí airgeadais. Is duine é seo ar féidir le gnólacht cumarsáid a dhéanamh leis nó léi má bhíonn deacracht ag an ngnólacht teagmháil a dhéanamh leat nó tacú leat, nó má tá drochamhras air go ndearnadh mí-úsáid airgeadais ort. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir leis an Teagmhálaí Iontaofa cinntí a dhéanamh thar do cheann faoi do chuid airgeadais.

An Cód um Chosaint Tomhaltóirí: Ar mhaithe le soiléireacht, cinnteoireacht eolasach, agus ar mhaithe leatsa.